D'fhiafraigh cara díom an tseachtain seo caite an mbeinn sásta 'bheith im' athair baiste dá iníon, ceist a chuir iontas agus áthas orm. Onóir mhór atá i gceist bheifeá ag smaoineamh agus freagracht mhór sa chreideamh Caitliceach ach níl an creideamh coitianta seo ag mo chara. Nigéireach atá ann, agus Modhach. Dá bhrí sin, agus don chéad uair ariamh, sheas mé taobh istigh de séipéal de chuid creidimh eile agus ar feadh dhá uaire shuimiúla bhlais mé de mhíreanna dá gcultúr.
Chaith an tréadaí culaith liath neamh-fhaisenata lá an bhaiste, ach d'fheil sí le cuma neamh-ghlórach an tséipéil. Bhí coinne againn leis, mise agus Bean Na Guí Aniar, agus tuismitheoirí an chailín bhig a bhí le baisteadh, ceathrú uaire roimh an searmanas, sa chaoi go mbeadh ár ndualgais cleachtaithe agus ar bharr na teanga againn. Fear meánaosta a bhí ann agus duine deas lách 'an fhírinne a rá. Shocraigh mé nach raibh tada cearr leis nuair a chuir sé a bhean in aithne dúinn agus ise déarfainn fiche bliain níos óige ná é. Roimh dheireadh na maidine bheadh seisiún Scoil Dhómhnaigh aici le páistí phobal Dé, agus muide, mar dhaoine fásta, ag plé véarsaí ó Ghníomhartha na nAspal go breá oscailte.
Cé hiad na trí fírinní a léigh Raphael sna véarsaí sin(go raibh maith agat a Raphael)? Nach cuimhin libh iad? An ceart agat! Agus an dara ceann...? Nach raibh sibh ag éisteacht(miongháire uaidh)?
Tá sean-aithne agam ar fhoirm an Aifrinn agus d'fhéadfainn buille fé thuairim a thabhairt ar a mheánfhaid i séipéal úr 'théis glór an tsagairt a chluinstean i dtosach agus a iompar ar an áltóir a fheiceáil. Ní mar an gcéanna a bhí sé i séipéal na Modhach. Thosaigh an searmanas nuair a sheas beirt bhan mhóra amach as an slua agus lean orthu ag canadh salm, ocht gcinn díobh, ag luascadh leo i dteannta leis an tréadaí agus muidne uilig inár seasamh ar feadh fiche nóiméad ar a laghad. "Maidin fhada 'tá i ndán dúinn" a déarfá dá mbeifeá in ann mo ghnúis a léamh, ach ar chaoi éigin thaithin a gcuid amhrán liom nó an chaoi a bhain siad sult as iad a chasadh. Bhí mé breá réchúiseach faoin am a ghlac mé an leabhairín agus léigh amach sliocht réamh-chleachtaithe ar an áltóir ach i ndáiríre níorbh áltóir í in aon chor ach seastán simplí. Bhí chuile rud simplí san áit seo agus b'shin mar a thaithin sé leo, cheapfainn.
Chuir fear na culaithe léithe an-bhéim ar an mBíobla i rith an tsearmanais. An lá seo bhí cuairt Pheadair ar Chornelius á phlé aige agus againn.
Níorbh rud coitianta 'bhfuil 'fhios agaibh, na laetha sin, do Ghiúdach mar Naomh Peadar, cuairt a thabhairt ar leithéidí Cornelius, nárbh Ghiúdach é... ach bhí grá ag Cornelius do Dhia, a Thiarna, agus chrom sé síos roimh Pheadar nuair a chonaic sé é..
Is cuimhin liom Scoil Dhómhnaigh á lua ar Little House On The Prairie nuair a bhíos á leanacht cúig bhliana fhichead ó shin. N'fheadair an raibh an neamh-shuim chéanna ag na páistí óga inti agus a bhí ag Albert Ingalls agus a chairde fadó? Dá mbeadh sé sa scoil s'againne bheadh cupán tae ann dó ag deireadh an ranga. Nach deas an rud é, cupán tae a ól sa séipéal? Táim a rá leat go raibh sé tuilte againn.
Chuala mé tráchtadh faoin "dream eile" nuair a bhíos ag fás aníos agus bhíos go minic ag smaoineamh ar leagan amach "an tSeirbhís" mar a thugtaí uirthi, iompar an tsagairt, bolladh an tséipéal agus araile. An gcreidfeá nár leag mé cos laistigh de séipéal dá gcuid ó shin go dtí seo? Bhí roinnt de mo cheisteanna freagraithe faoi dheireadh.
Ag siúl amach an doras againn, bhí an clann uilig ar bís, iad fíor-shásta le himeachtaí na maidine. Bhí an cailín óg ag breathnú thartimpeall uirthi go nósmhar agus a deartháir óg sona sásta léi agus leis féin. Seans maith go raibh sé ag smaoineamh ar an gCaisleán Preabach sa chúl-gháirdín. Bhí mise ag smaoineamh ar Chornelius, na trí fírinní agus an gculaith liath ag luascadh leis an gceol.