Monday, April 26, 2010

An Ghin Leochaileach

Ná bíodh brón ort a mháthairín nach raibh tú in ann cabhrú liom nuair a bhris an dochtúir a dhrochscéal duit. Bhí an méid sin cumha ort nach raibh sé ar chumas agat caoineadh. Le dhá mhí anuas bhí áthas agus dóchas aisteach ort agus tú ag súil an méid a bhí i do chnámha nach dtárlódh tada as bealach dom, ach i ngan fhios duit agus d'éinne, bhí cliste orm 'dhul níos faide cheana fhéin nuair a sheol tú isteach doras an ospidéil go soinneata go gairid sular fhoghlaim tú an fhírinne faoi mo chás-sa. Ach ná bíodh brón ort a mháthair beag, mar bhí mise ró-lag agus ró-leochaileach don saol seo agus b'éigean dom éag uait go ciúin síochánta. Tá fhios agam nach ndéanfaidh tú dearmad go deo orm ná ar an lá a thuig tú i dtosach go raibh mé á iompar agat. Tá an bhrí agus an fuinneamh go han íseal ionat anois ach cuimhin go mbeidh laethanta níos fearr ná seo agat amach anseo cé nach mbeidh mé ar taobh leat.

Tá tusa láidir anois a athair ach bhí tú chomh leochaileach liomsa lá den saol. Ba bhreá leat trealamh galánta uilig an doctúra a réabadh ó chéile nuair a d'inis sé a scéal lofa daoibh. Ní raibh tú ábalta labhairt ach 'bheith ag siúl siar agus aniar an tseomra agus do dhá lámh fáiscithe go tréan agat le fearg agus uasfás. Níorbh fhéidir leat fiú breathnú uirthi, mo mháthair, 'théis an fhírinne 'bheith tite ort. Dóchas na beirte agaibh ag siúl isteach, beannú cairdiúil an dochtúra, íomhá mí-shoiléir ar an scáileán agus ansin ciúineas cinniúnach. "Tá brón orm" ar seisean ach bhí a fhios agaibh faoin am seo, níos lú ná cúig nóiméad 'théis teacht isteach daoibh. Níorbh fhéidir leat mé a chosaint ná súil a choimead orm, ainneoin do thola, agus bhris do chroí i leith nuair a d'fhéach tú faoi dheireadh ar an díomá ar aghaidh mo mháthar. Rachfá go ceithre cúinne na cruinne ar a son ach ní thigfeadh leat an fhadhb seo a leigheas dá rachfá féin. Bhí mé ró-lag agus b'éigean dom imeacht ach ná bíodh brón ort mar beidh laethanta níos gile ann arís.

Nílimid oilte d'eachtraí den leithéid seo. Sciobadh an deis uainn an iarraidh seo, a leanaín beag, tú a phiocadh suas sna géaga, ach ní dhéanfaimid dearmad go deo ort, mar mhair tú linn ar feadh giota beag ríméadach san earrach nuair a bhí borradh agus dóchas san aer. Tá uaigneas orainn anois a leanaín gan thú, nach féidir a chur in iúl.