Monday, April 27, 2009

Mise, Keano, Ar Ais


Cosúil le dúchas an chait briseann sé trína shúile. Ach céard é go baileach? Údarás? Ceannasaíocht? Fearg? Mí-shuaimhneas? Súile Keano a ba chúis le dea-thorthaí fhoireann Sunderland trí bliana ó shin, dar le Dwight Yorke, agus iad ag gluaiseacht an tráth sin go barr tábla an Championship. B'fhusa do leithéidí Yorke, is cosúil, a thóin a bhogadh níos tapúla i dtreo na liathróide, chun an bainisteoir a choimead ar a shuaimhneas, ná 'bheith á thógáil go bog é amuigh ar an bpáirc, agus na súile céanna á díriú air. 'Théis do Roy a lán airgid a chaitheamh sa Phremiership bliain níos deireannaí agus tada ach droch-thorthaí as, bhí tuairimí de shórt difriúil á scaradh ag imreoirí an chumainn sna páipéirí. Nuair a thagadh Keane go dtí an pháirc traenála, dar le cuid díobh, d'fhéadfadh fearg dorcha a bheith air nó a mhalairt; bhraitheadh sé ar 'an aimsir'. Ba dheacair freisin, más foinsí dílse atá i gceist, gnáth-chaidhreamh a chothú nó a choinneáil leis mar dhuine. Taobh thiar dena súile, sa chloigeann éirimiúil chrua sin, bhí cathanna á throid, b'fhéidir, agus níor fheil an meascán casta seo de phearsantacht don bhainistíocht. B'shin tuairim choitianta ar aon chaoi nuair a shiúil sé an geata amach cúig mhí ó shin. An bhfeicfí an 'v-neck' liath arís á cheistiú ar MOTD? Ní dhéarfainn go raibh éinne cinnte faoi sin nuair a éirigh sé as, ach bhí cuid againn ag súil go bhfillfeadh sé lá éigin, mar ainneoin lucht a cháinte sa tír seo is linne Keano, buíochas le Dia, agus ba chóir dúinn 'bheith bródúil as.

Anois, a chairde, an cheist nach bhfuil freagra uirthi fós, an dtiocfaidh sé isteach de réir a chéile ar ealaíon aisteach an bhainisteroa? Níl sé gan lochtanna, cinnte, agus tá an-chuid fós le foghlaim aige, ach canathaobh nárbh ábhar bainisteora níos fearr atá ann ná Gareth Southgate nó Tony Adams, cuir i gcás? Airím go bhfuil níos mó dena tréithe cuí sa Chorcaíoch ná san mbeirt sin. Na botúin a rinne sé i Sunderland: geallúint go shíneodh sé ainmneacha mór le rá, imreoirí míchearta a thabhairt isteach sa deireadh thiar, an iomarca imreoirí a shíneadh agus cuid mhór acu a ligean chun bóthair go gairid i ndiaidh sin. Seachas Kenwyne Jones ní fhéadfaí a rá gur éirigh le mórán acu. Ach, b'fhéidir nárbh é ach go raibh sé ag iarraidh an caighdeán a árdú ró-ghasta agus nach raibh chuile dhuine thartimpeall air chomh dáiríre faoina thionscnamh. Ní cosúil go ndéanfaidh sé na botúin céanna an iarraidh seo, ag club sacair bhródúil lonnaithe in oir-dheisceart Shasana.

Mar a thaispeáin sé arís i gcaitheamh na seachtaine seo caite nuair a ceapadh ina bhainisteoir ar Ipswich é, tá Roy an-chompórdach os comhair na gcaimearaí. Dúirt sé go raibh sos tuilte ag a mhadraí agus go raibh sé reidh le tabhairt faoin dúshlán nua. D'ísligh an teocht beagán áfach nuair a luaigh sé feisin go mbeadh caidhreamh gearr idir é agus aon imreoir nach raibh ar chomh-aigne leis maidir le todhchaí an chumainn. Tháinig Bobby Robson i gcuimhne dom agus mé ag éisteacht leis an agllamh sin. Bhí S'Bobby ina bhainisteoir ag an gclub céanna tríocha bliain ó shin, agus Arnold Muhren, John Wark(ná dearmad an scannán "Escape to Victory") agus Paul Mariner sa bhfoireann aige i ré eile ar fad. Bhuaigh Ipswich an Corn UEFA sa bhliain 1981 faoina bhainistíocht. Fear difriúil ar fad é Bobby agus bainisteoir den chéad scoth mar a thaispeáin sé arís is arís eile ó shin i leith. Deirtear go bhfuil cathaoirleach saibhair i gceannas anois agus é dóchasach go bhfuil laethanta móra ar na bacáin d'Ipswich arís. Tá súil agam nach ndéanfaidh Roy dearmad an fón póca a fhreagairt nuair 'sé an fear seo atá á ghlaoch.

Fáilte ar ais a Kheano, a shean-chomrádaí, agus go n-éirí leat sa phost úr. Coinnigh do shúile oscailte agus bíodh foighne a't. Bheadh sé i bhfad níos leadránaí murach thú.