Thursday, July 7, 2011

Cormac Bán

Níl ionam fós ach gasúr óg
Gan coicís caite ar an bhfód
Is chuige seo ar m'anam beo
Táim ceart-lár ar mo sháimhín só
Ag luascadh liom i mo chliabhán
Táthar á ghlaoch orm "Cormac Bán"

Ní bhím cant'lach de ghnáth
Fiú amháin san oíche(ná sa lá)
Bainne úr ón gcíoch led' thoil
Go beo más mian leat(gan aon mhoil)
Coladh sámh le bolg lán
Shásódh an méid sin Cormac Bán

Ach goille, céard faoi dhaoine fásta?
Na créatúir bhochta, shíor-mhíshásta!
Ag rith thartimpeall gan aon scíth
Nó ag útamáil ar chúl an tí
Is maidir leis an mbeirt Mhaimeó
Táid dearg-chreacáilte go deo!

Tá fear is bean liom thiar sa teach
Nár chaith go fóill mé 'n doras amach
Má fhanaim ciúin le linn na hoíche
Beidh síocháin órga eadrainn choíche
Iad beirt ar bís go dtáinig mé slán
Is a saolta 'roinnt le Cormac Bán

Amach anseo céard 'tá i ndán
Do bhuachaill beag ó Ros Comáin?
Post mór-le-rá i mBail' Átha Cliath
Nó socrú síos in Iarthar 'tíre?
'Sna tíortha teo nó thall sa Spáinn
Tá saol mór romhat, a Chormaic Bháin

Sunday, September 12, 2010

FearIarainn ar na bacáin?

Trí bliaina ó shin bhí sé de nós agam rith ar bhóithre an cheantair áitiúil sa tráthnónta agus ag an deireadh sechtaine, chun caighdeán réasúnta aclaíochta a choimead 'théis dom spóirt fhóirne a chaitheamh isteach faoi dheireadh. Bhaineas an-taithneamh as an ngníomhíocht seo. Dúirt cara liom, fear a d'imir d'fhoireann iománaíochta na Gaillimhe tráth, go rachadh sé amach ag rith ar mhaithe sláinte a chloiginn. Thuig mé céard a bhí a rá aige; tagann agus imíonn an iliomad smaointe chugat agus tú amuigh ag rith id' aonor agus ar chaoi éigean airíonn tú níos fearr ina dhiaidh. Ach de réir a chéile i mo chás-sa, i ngan fhios dom, bhí díobháil á dhéanamh agam do loingeán mo ghlúine deise. Bhí obráid ghlúine agam deich mbliana roimhe sin chun gortú ballnaisc a dheisiú agus is cosúil gur dearnadh díobháil don loingeán freisin tráth an ghortaithe a bhí ag dul rud beag in olcas 'ach uair a bhuail mo chos dheas an bóthar crua. Chríochnaigh mé leath-mharathon Chonamara an bhliain sin agus cúpla seachtain i ndiaidh sin tar éis gnáth-rith uair an chloig timpeall na cathrach níor fhéad mé mo chos a lúbadh gan phian mhillteannach. Thóg mé sos gearr seachtaine agus ansin ceann níos faide ach ba chuma, chomh luath agus a rinne mé teagmháil leis an mbóthar thagadh an phian ar ais go neamhbhalamh. Dúirt na saineolaithe cnámh liom an bhliain seo caite nach raibh aon leigheas ar an bhfadhb ach na bóithre a sheachaint den chuid is mó. "Más dúshlán atá uait" adúirt an comhairleoir "bain triail as triathlon; tabharfaidh an snámh agus an rothaíocht faoiseamh don glúin". Togra úr ar bun.

Measaim gur gné nua de chúltúr na tíre seo iad gníomhachtaí aclaíochta aonaracha agus go bhfuil borradh ceart fúthú le tamall anuas. Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhí an pheil ann agus chaitheadh duine 'bheith sách aclaí chun í a imirt(ní áirím Major nó dhó a chaití ag leath ama) ach nuair a bhí fear dulta measartha fada in aois b'éigean dó éirí as agus ba bheag baint a bhíodh aige le spórt eagraithe ina dhiaidh sin. Sin gan tráchtadh ar dhaoine nár ghlac páirt ar bith i spóirt fhóirne ar nós peile, iománaíochta nó sacair, ceal suime nó tallainne. Ní raibh cultúr láidir sa tír an tráth sin mar a bhí agus atá san Astráil, cuir i gcás, a shasódh andúiligh aidréanailín an lae inniú ach tá a n-uimhreacha anois ag méadú gach bliain. Feicim anois daoine nár thóg bróg peile nó camán ina nglac ariamh amuigh ag dreapadóireact, ag rith trí uaire sa tseachtain, ag ceannacht rothair rása galánta, ag snámh san fharraige le cultacha fliucha nó ag caint ar tairiscintí sealdacha ar wiggle.co.uk nó chainreactioncycles.com. Tá siad ann, ná bíodh aon bhaol ort agus tá siad, idir fhir agus mhná, óg agus aosta, ag glacadh páirt i nGael Force, Achill Roar, leath-mharathon Chonamara, Hell of the West, a lán eile nach iad agus an t-léine á chaitheamh acu go bródúil ina dhiaidh. Is fíor-dhearfach an rud é agus má leantar leis tiocfaidh rath na sláinte as amach anseo.

Shiúil mé amach oifig an chomhairleora le rún daingean cumas snámha a bheith ar mo thoil agam faoin samhradh dar gcoinn. Beag seans go dtitfinn den rothar nó as mo sheasamh ach mura ndéanfainn dul-chun-cinn suantasach sa linn snámha bheadh orm leathbhád a sheoladh timpeall an locha lá an rása mar ní fhéadfainn fiú trí fhad den linn a shnámh gan m'anáil a chailleadh. Déarfainn gur é an snámh an dúshlán is mó do dhaoine a shocraíonn triail a bhaint as an dtriathlon. Thar tréimhse ama chuireas an t-uafás iarrachta isteach ag freastal ar ranganna snámha, ag dul go dtí an linn go moch ar maidin roimh am oibre, ag snámh san fharraige agus faoi dheireadh sa loch féin. Fuacht uisce na farraige i mí Aibreáin, táim a rá leat, nach bhfuil léamh ná scríobh na inse béil air; bhí culaith fhliuch orm an chéad mhaidin ach ba chuma sa diabhail, chuir sé nítrigin leachtaithe ó ranganna ceimice na hArdteiste i gcuimhne dom bhí sé chomh fuar, fuar sin. Chuir sé iontas orm an téamh a tharla ó shin go dtí an samhradh. Faoi dheireadh mhí Lúnasa bhí an uisce go breá tirim agus cé go raibh go leor feabhais fós le déanamh agam bhíos sásta aghaidh a thabhairt ar uisce oscailte an locha.

Ba chosúil leis an ndá uair roimh chluiche peile an t-am a chaith mé ag siúl suas agus síos go díreach roimh thosnú an rása. Ní raibh tada uaim ach fuaim na feadóige tosaí a chluinstin. Bhí imní orm faoin tús agus an clampar agus mearbhall gur féidir a bheadh ann nuair a thosódh trí chéad go leith daoine ag bualadh leo tríd an uisce i gcúinne amháin den loch. Ach d'éirigh liom bealach a fháil ó thuaidh go dtí an chéad bhaoi gan uillinn nó rúitín a fháil sa phus; tús breá. I gcodarsnacht leis an bhfarraige, tá uisce an locha dubh dorcha nuair a fhéachtar síos inti. Níl feamainn ná éisc bheaga le feiscint anseo ná baol air ach bhíos amhrasach corruair faoi liús ollmhór 'bheith i bhfolach thíos fúm sa dorchadas. Cá bhfios céard atá beo thíos agus muidne, landlubbers, ag snámh thart ar bharr? Tagann na smaointe seo chugat an chéad uair a fhágann tú bruach an locha agus cuireann siad le mí-shuaimhneas nádúrtha an duine nochtaithe amuigh in uisce oscailte. Ach tagtar isteach air de réir a chéile agus m'anam gur shroich mé bruach an locha arís gan eachtra as bealach. Baintear an dara craiceann díot agus gan sos caithtear an rothar a ghríosadh. Cúig mhíle déag(agus beagnach uair an chloig i mo chás) níos déanaí bhí sé in am an tseanghlúin bhriste a thrialladh ar feadh trí mhíle eile. Thuig mé faoin am seo go raibh an chuid is mó dena hiomaitheoirí eile críochnaithe cheana féin agus ag ligint a scíth; bhí a ndruga pearsanta nádúrtha glactha acu agus iad ar a suaimhneas le tuirse deas ar na matáin agus an t-anáil ag teacht go héasca chugaibh. 'Théis uair is caoga 'haon nóiméad bhíos féin san áireamh agus buíochas le Dia níor chuir an drochghlúin isteach orm i rith an ama sin nó ó shin.

Tá éagsúlacht ag baint leis an dtriathlon nach bhfuil ann le gnáth-rásaíocht. Déarfadh daoine áirithe go bhfuil níos mó ábhar ag trílúthchleasaithe ná ag gnáthrásaithe a bheith ag caint go fada leadránach fúthú sa teach óil agus tá rian na fírinne sa mhéid sin. Más trealamh tomhais atá uait, bréagáin an spóirt, tá sé ar fáil i gcuile cineál ón mbranda Garmin, cuir i gcás, agus a lán eile. Tá dearcadh dearfach cairdiúil le sonrú thar aon tréith eile ó dhaoine a chuireann suim sa spórt, rud a bhí an-mhealltach dom. Ní bheadh FearIarainn ar mo chumas go brách de bharr na drochglúine ach teastíonn tuilleadh den stuif seo uaim ar feadh píosa eile.

Monday, April 26, 2010

An Ghin Leochaileach

Ná bíodh brón ort a mháthairín nach raibh tú in ann cabhrú liom nuair a bhris an dochtúir a dhrochscéal duit. Bhí an méid sin cumha ort nach raibh sé ar chumas agat caoineadh. Le dhá mhí anuas bhí áthas agus dóchas aisteach ort agus tú ag súil an méid a bhí i do chnámha nach dtárlódh tada as bealach dom, ach i ngan fhios duit agus d'éinne, bhí cliste orm 'dhul níos faide cheana fhéin nuair a sheol tú isteach doras an ospidéil go soinneata go gairid sular fhoghlaim tú an fhírinne faoi mo chás-sa. Ach ná bíodh brón ort a mháthair beag, mar bhí mise ró-lag agus ró-leochaileach don saol seo agus b'éigean dom éag uait go ciúin síochánta. Tá fhios agam nach ndéanfaidh tú dearmad go deo orm ná ar an lá a thuig tú i dtosach go raibh mé á iompar agat. Tá an bhrí agus an fuinneamh go han íseal ionat anois ach cuimhin go mbeidh laethanta níos fearr ná seo agat amach anseo cé nach mbeidh mé ar taobh leat.

Tá tusa láidir anois a athair ach bhí tú chomh leochaileach liomsa lá den saol. Ba bhreá leat trealamh galánta uilig an doctúra a réabadh ó chéile nuair a d'inis sé a scéal lofa daoibh. Ní raibh tú ábalta labhairt ach 'bheith ag siúl siar agus aniar an tseomra agus do dhá lámh fáiscithe go tréan agat le fearg agus uasfás. Níorbh fhéidir leat fiú breathnú uirthi, mo mháthair, 'théis an fhírinne 'bheith tite ort. Dóchas na beirte agaibh ag siúl isteach, beannú cairdiúil an dochtúra, íomhá mí-shoiléir ar an scáileán agus ansin ciúineas cinniúnach. "Tá brón orm" ar seisean ach bhí a fhios agaibh faoin am seo, níos lú ná cúig nóiméad 'théis teacht isteach daoibh. Níorbh fhéidir leat mé a chosaint ná súil a choimead orm, ainneoin do thola, agus bhris do chroí i leith nuair a d'fhéach tú faoi dheireadh ar an díomá ar aghaidh mo mháthar. Rachfá go ceithre cúinne na cruinne ar a son ach ní thigfeadh leat an fhadhb seo a leigheas dá rachfá féin. Bhí mé ró-lag agus b'éigean dom imeacht ach ná bíodh brón ort mar beidh laethanta níos gile ann arís.

Nílimid oilte d'eachtraí den leithéid seo. Sciobadh an deis uainn an iarraidh seo, a leanaín beag, tú a phiocadh suas sna géaga, ach ní dhéanfaimid dearmad go deo ort, mar mhair tú linn ar feadh giota beag ríméadach san earrach nuair a bhí borradh agus dóchas san aer. Tá uaigneas orainn anois a leanaín gan thú, nach féidir a chur in iúl.

Wednesday, December 30, 2009

Slán Leat Mar Sin a Jimmy, Wunderkatze der Welt

Rinne mé tagairt sa cholún seo cheana do chat uasal dárbh ainm Jimmy, a nósanna agus a cháil ó chuir sé faoi linne trí bliana go leith ó shin. Ós rud é nach bhfuil sé fós inár dteannta, níor chóir ná cheart níos mó ama a ligean le sruth gan cúpla smaoineamh a scríobh faoi Wunderkatze der Welt , mar a thug a mháthair altrama air go minic.

Níor chuir Jimmy aon spéis ariamh sa teilifís, seachas b'fhéidir clár faisnéise ar Chlann Ríoga na Breataine nó Big Cat Diary corr-sheachtain, dá mbeadh a dhóthain ama caite aige ina choladh an lá céanna. De ghnáth chasadh sé a cheann i dtreo eile nuair a thosaíodh leithéidí Strictly Come Dancing, Grey's AnatomyThe Panel. Ní raibh aon bhaol ann go gcuirfeadh Jimmy a chuid ama amú ag breathnú ar a leithéid. Nach gcreidfeá go bhfuil neart eile le déanamh ag cat cathrach an lae inniú? M'anam go mbíodh mo dhuine go bun na gcluas 'ach aon lá dá chaith sé linne. B'annamh nach raibh sé ina shuí roimh a sé ar maidin, é suite ar bharr an bhalla ag breathnú timpeall ar a chríocha. Roimh an bricfeásta chuireadh sé an ruaig gan aon stró ar bhithiúnaigh áitiúla dá chine a dhéanadh ionsuithe laethiúla ar a thalamh. Ní chuireadh an fhoréigean rialta seo isteach ná amach ar Jimmy; ghlac sé léi mar chuid de shaol an chait chathraigh agus ar aon chaoi bhíodh an chrúb in uachtar aige ar a naimhde suaracha i gcónaí. An chuid eile den lá, dá ligfí isteach é, chaitheadh sé ina luí(obair fíor-thábhachtach), ag féin-ghlanadh, ag súgradh nó ag éisteacht le RTÉ Lyric FM. The Hamilton Scores agus The Blue of The Night na cláracha ab ansa dó. Seachas corr-chuairt go dtí a ghaolta sa Ghaeltacht i mBaile Chláir sin mar a chaitheadh Jimmy a chuid ama, lá i ndiaidh lae agus é ag fás aníos ina stócach láidir le blianta fada amach roimhe, cheapfá.

Ach cúpla mí ó shin thug bean do thuairisceora faoi deara nach raibh an bhrí chéanna i Jimmy le tamall beag anuas. D'fhanadh sé amuigh sa gháirdín ina aonar ar feadh i bhfad i rith an lae, ní raibh an tsuim chéanna aige sa phlaidhcaíocht ná sa ghnáth-shúgradh laethiúil agus níos aistí fós bhí a fhionnadh ag éirí salach toisc nach raibh sé á ghlanadh. Chuir sé iontas orm lá eile nuair a tháinig sé an doras isteach go stadach agus é dearg-bhuailte agus scríobtha 'théis an cath a chailleadh taobh amuigh den chéad uair ariamh. Chomh maith le seo, bhí a ghoile in easnamh ar fad agus an t-úasfás uisce á ól aige. Níor thugas aon aird ar na comharthaí seo i dtosach ach bhí imní ní ba mhó ag bean an tí ina dtaobh agus rinne sí coinne leis an tréadlia nuair ba léir nach raibh feabhas ag tíocht ar an gcréatur bocht in imeacht na seachtainí. Drochscéala a bhí aige dúinne; ailse fola na gcat a bhí ag Jimmy, galar coitiana, insíodh dúinn, ar shráideanna agus lánaí bailte agus cathracha na tíre. Níos measa fós, galar do-leigheasta, marfach atá ann. Ní raibh aon chinneadh le déanamh anois againn ach socrú linn féin cathain ba chóir dúinn coinne eile a dhéanamh chun deireadh buan a chur lena fhulaingt.

Lá na cinniúna tháinig sé fliuch salach agus b'éigean dom poll beag tomhas cait a thocailt sa gháirdín. D'ardaigh Jimmy a cheann agus mé ar mo bhealach amach ag breathnú go fiosrach ar an tsluasaid. N'fhedair an raibh a fhios aige céard a bhí ar bun agam? Ba dheacair dúinne é a mhealladh isteach sa charr i ndiaidh sin ar aon chaoi. Dá bhfeicfeá an scannán Dead Man Walking ariamh, bheadh leid agat ar mhodh chineálta maraithe an tréadlia; dhá instealladh atá i gceist, an chéad cheann chun an t-othar a chur ina choladh agus an chéad cheann eile chun a chroí a stopadh. Chaithfeadh croí cloiche a bheith i do chliabh gan trua a aireachtáil d'aon chréatur ar an taobh géar den tsnáithid chéanna.

Bhí súile bhean an tí dearg le deora faoin am a chuireamar an caitín bocht sa bháisteach. Nach aisteach an chaoi a éiríonn muid mór le hainmhithe agus gan aon chaidreamh eadrainn? Sin mar a tharla eadrainn agus Jimmy, die fantastische Wunderkatze.

Sunday, September 6, 2009

Scéal na Seanloinge Cogaidh, an Vasa

I dtús báire, a lucht léitheoireachta uasail, gabhaim mo leithscéal as ucht an tsosa fhada a thóg bhur nGuí Aniar ón scríbhneoireacht i rith an tsamhraidh. Níor leagas peann ar phár ón lá a buaileadh Ros Comáin chomh trom sin i mí an Mheithimh seo caite bhí mé chomh dona tinn sin ina dhiaidh. Tarraingím mí-ádh ar shaighdiúirí óga peile an chondae go minic nuair a thosaím ag caint fúthú agus dá bhrí sin ba chóir dom mo chlab agus mo pheann a cheansú ina leith siúd amach anseo.

Buíochas le Dia áfach ní raibh samhradh glan díomhaoin agam 'théis an tsléachta i gCaisleáin an Bharraigh; i lár na míosa seo caite chroch me seolta agus dhírigh mé m'aghaidh soir ó thuaidh i dtreo na Sualainne agus a príomhchathair Stochólm. Chuireas spéis i gcónaí sa tír chéanna ó oibrigh mé don chomhlacht Ericsson i lár na naochadaí ach níor thaisteal mé go dtí an tír go dtí seo. Chuala mé go minic faoin gcóras éifeachtach polaitiúil, an costas ard maireachtála, an córas iontach iompair poiblí, na comhlachtaí mór-le-rá dá cuid ar nós Volvo, Ikea, Scania, Ericsson ar ndóigh agus an grúpa ceoil eisceachtiúil, Abba. Tuigim freisin go bhfuil cáil níos mó anois ar Bjorn Borg mar gheall ar a bhranda pearsanta fho-bhríste ná a chumas imeartha leadóige. Ach níor chuala mé tada suntasach riamh faoi stair na Sualainne; tuigim gur fhulaing manaigh na hÉireann san ochtú agus an naoú aois ionsaite ó Lochlannaigh na hIorua, seachas Sualainnigh den chuid is mó. Ar ndóigh, áfach, tá a stair fhéin shuimiúil ag an tSualainn agus bhlais mé de cuid di in Iarsmalann an Vasa, an tSeanlong Uasal.

Sa bhliain 1626 bhí Gustavus Adolphus II ina Rí sa tSualainn le deich mbliana. Bhí an tír ag éirí láidir sa réigiún faoina stiúir ach bhí mí-shuaimhneas idir an tSualainn agus a comharsana ar imeall na Mara Bailte le blianta roimhe sin. Bhí siad ag troid in aghaidh na Danmhairge le thart ar chéad bliain faoin am seo agus bhí sean-namhaid le ríocht Phrotustúnach na Sualainne, Sigismund III, ina Rí sa Pholainn, tír Chaitliceach ar an Mór-Roinn. Bhíodh Sigismund ina Rí ar an tSualainn go dtí an bhliain 1599 nuair a chaill sé a choróin, rud goilliúnach dó ar ndóigh, agus rinne sé iarrachtaí nach beag i ndiaidh sin greim a fháil uirthi arís. Chomh maith le sin bhí na tíortha uilig ag iarraidh údarás mileata a fháil ar an Muir Bhailt. Chun a sproiceanna a thabhairt chun críche, agus a naimhde éagsúla a chur faoi chois, thuig Gustavus go raibh cabhlach long níos láidre de dhíth air agus d'ordaigh sé trí long chogaidh a thógáil; an chuid is mó agus is cáiliúla díobh tugadh an Vasa uirthi.

Tosaíodh an obair tógála ar an Vasa i mí Fheabhra 1626 sa longchlós i Stochólm. B'é Henrik Hybertsson ón Ísealtír a bhí i gceannas ar an tionscnamh, a bhí mar bhunchloch ar phaidrín an Rí ó thús deireadh. Chuir Gustavas brú aisteach ar na tógáilithe an obair a chríochnú in achar gairid agus faoi dheireadh, i samhradh na bliana 1628, d'fhógair ceannasaí na hoibre go raibh sí reidh le seoladh. Níor mhair Hybertsson chun an lá cinniúnach a fheiceáil áfach; cailleadh é in earrach na bliana 1627. Ar an deichiú Lúnasa 1628 bhí chuile rud socraithe. Bhí an long álainn nua deisithe le snoíodóireacht adhmaid daite de chuile shórt agus a seolta ar crochadh go glórmhar. Bhí doirse na ngunnaí móra ar oscailt sa chaoi go mbeadh neart mileata na loinge soiléir do chách. Cé nach raibh an Rí i láthair sa chuan chun an seoladh a fhecieáil bhí gach duine dóchasach go mbeadh sé sásta le himeachtaí an lae.

Ach níor mhair sí ach fiche nóimead. Nuair a shéid an ghaoth agus í nach ceithre chéad troigh ón dug, ba léir do ghnáthdaoine na cathrach, agus iad ag breathnú ina gcéadtha uirthi, go raibh an long mór ag titim le taobh amháin go tubaisteach. Samhlaigh an meandar beag seo sa stair, beagnach ceithre céad bliain uainn anois; na sluaite ar an gcuan, na tógáilithe agus na máirnéalaigh ar bord, a gcumas labhartha imithe agus an radharc do-chreidthe seo ina súile. Tháinig faoiseamh sealdach ar an bpointe nuair a cheartaigh an Vasa í féin arís ach go gairid i ndiaidh sin thit sí le taobh in athuair agus an iarraidh seo steall toirt mhór uisce isteach trí dhoirse na ngunnaí agus síos go tóin poill léi. Bádh thart ar caoga daoine ina teannta. Bhí crann an bháid le feiceáil os cionn bharr an uisce 'théis na tubaiste. Theip ar an iniúchadh a cuireadh ar bun ina diadh teacht ar chúis fréamhach. Bhí príomh-thógálaí an bháid marbh, lean gach duine a gcuid orduithe agus toil an Rí mar ba chóir agus ar ndóigh ní raibh aon duine sásta an locht a ghlacadh orthu fhéin. Ceaptar inniú, céadtha i ndiaidh na tubaiste, gur cuireadh an iomarca brú ar lucht deartha na loinge, go raibh eagla orthu aon mhoill a chur ar a seoladh an lá sin cé go raibh amhrais mhóra acu mar gheall ar a cumas snámha. Tá daoine eile den tuairim go raibh an iomarca airm agus gunnaí móra ar bord agus nach raibh an frith-mheáchan sách mór nó eagraithe i gceart chun í a choimead slán. Níltear cinnte go fóill áfach céard go díreach ba chúis le tubaist obann an Vasa an lá sin.

Cé gur sábháileadh roinnt airm ón long bhocht theip ar ghach iarracht í a tharraingt go barr uisce arís. Ghlac na saineolaithe agus na húdaráis nach raibh an teicneolaíocht chuí acu chun soitheach chomh mór agus chomh trom sin a shábháil. Ní ndearnadh dearmad uirthi go hiomlán ach thar tréimhse ama d'imigh an bád mór agus an áit bhaileach ina raibh sí suite ó chuimhne na Sualainneach. Ach trí chéad fiche hocht bliana níos deireannaí, i 1956, d'éirigh le seandálaí Sualainneach, Anders Franzén, an tseanlong agus a scéal a chur ar ais i mbéal na ndaoine nuair a tháining sé uirthi thart ar céad troigh faoin uisce píosa beag amach ón áit as a seoladh í glúinte roimhe sin. Shocraigh rialtas na Sualainne iarracht úr a dhéanamh an long chogaidh a árdú go gairid i ndiaidh sin agus ar an ochtú lá d'Aibreáin 1961, os comhair sluaite móra áitiúla agus ó thíortha ar fud an domhain, chonacthas sean-adhmad an Vasa ag brisreadh trí uachtar an uisce; bhí solas na gréine uirthi arís! Óir nach bhfuil uisce an chalafoirt i Stochólm leath-chuid chomh salannach le gnáth uisce sáile níl an oiread céanna de longphéisteanna ann, fíríc a chuidigh go mór leis an neart a bhí fos i gcabhail na lonige. Dá bhrí sin bhí sí in ann snámh ar a cabhail féin go dtí an dug tirim.

Thosaigh an obair seandálaithe i gceart nuair a bhí an tseanlong uasal ar ais ar an bhfód. Obair mhall fhoideach a bhí i gceist. B'éigean don chorp uilig a thriomú agus a ghlanadh ó bhun go barr gan aon iarsmaí luachmhara a chailleadh ná díobháil breise a dhéanamh. Mion-phíosa adhmaid anseo gur chóir 'bheith ansiúd, tairní dearg-mhillte agus láib i ngach aon áit. Ach ainneoin an dhúshláin mhóir, cé a chreidfeadh, nuair a críochnaíodh an obair níor ghá ach cúig faoin gcéad d'ábhar nua a chur in áit an méid a cailleadh(téada, crainn agus ábhar iarainn ar nós tairní den chuid is mó). D'fhan an bád ath-chóirithe bródúil ar taispeáint go poiblí ó tús na seascaidí go dtí an bhliain 1988 nuair a bronnadh áit chónaithe ghlórmhar nua di, an Vasamuseet, nó Iarsmalann an Vasa, áit a bhfuil lóistín fós aici. Is minic ar mo laethanta saoire a éirím bréan le l'audioguide agus mé ag siúl timpeall iarsmalanna na gcathracha mór-le-rá san Eoraip ach is eisceacht ceart í an Vasamuseet. Tá sí thar barr ar fad mar iarsmalann. Chomh maith leis an mbád iontach mór sa lár tá mion-scannán faisnéise ar siúl a thugann beocht eile don scéal, turais fíor-shuimiúla agus macsamhlacha de na máirnéalaigh a bádh lá na tubaiste, bunaithe ar ábhar a mblaoscanna féin. D'fhéadfá breathnú isteach i súile na bhfear, taibhsí na staire, a d'íoc go daor sa seachtú aois déag as a bheith ar bord long lochtach de chuid Gustavas Adolphus II.

Thursday, June 18, 2009

Maigh Eo Arís

Imreoidh Ros Comáin in aghaidh chondae Mhaigh Eo ag an deireadh seachtaine i gcluiche leath-cheannais chroabh-chomórtas Chonnnachta na bliana seo, dhá mhíle is a naoi. Is maith is cuimhin liom nuair a chasamar le Maigh Eo ag deireadh na seachtoidí agus go háraithe 1980 nuair a bhí mé i mo ghasúr i gCaisleán an Bharraigh agus ríméad orm ag breathnú ar laochra an ré sin Dermot Earley, John Jigger O'Connor agus Harry Keegan. Bhí bua mór againn an lá sin agus bhí mé cinnte gurbh muide an fhoireann ab fhearr in Éirinn, gan tráchtadh ar Chúige Chonnacht. Is cuimhin liom freisin áfach blianta dorcha na n-ochtaidí, seachas '86 amháin, inar bualadh go dona muid beagnach gach aon bhliain. Cuireadh ina luí orm sa deichniúr sin gur neamhghnáth ar fad an fhoireann a bhí a'ainne an ghlúin roimhe sin agus go mbeadh ár sean-naimhde in ann an masla "domestiques" a thabhairt orainn arís ar feadh píosa eile. Bhí an méid sin goilliúnach domsa ag an am agus tá fós. Ach cé nach mbíonn éirí amach againne anois ach chuile deich mbliana nó mar sin, agus muid bánaithe agus náraithe don chuid eile den am, seasaimid an fód i gcónaí mar cosúil le Eric Cantona sa scannán nua-sheolta le Ken Loach, "Is muide na Rossies".

'Bhfuil aon radharc níos binne in Éirinn na an eangach á corraí ag imreoir le geansaí buí ar a dhroim? Cloisim díon an seastáin ag crith le gáir na nDílse. Jigger i 1980, Tom Óg Ó Brien i dTuaim i 1985, Tony Mac i 1986 agus sa nóiméad deireannach sa mbaile trí bliana níos déanaí.. ní dhéanfaimid dearmad go deo ar Gerry Lohan i 2001, ar ndóigh. Bhí brionglóid agam tráth den nóiméad deireannach de chraobh na hÉireann "sa todhchaí" agus Nigel Dineen ar tí chic píonóis a scaoileadh agus "Song 2" le Blur á sheinnt go neamhbhalbh thartimpeall Pháirc an Chrócaigh. B'é nuair a bhris an t-urchar tríd an eangach a shroich Damon Albarn buaic an amhráin.. "Whoo Hoo!".

Ba mhinic a phléigh mé le cairde liom cad a dhéanfadh muid dá dtárlódh sé. Is deacair a rá ach bhí blas den aireachtáil sin againn trí bliana ó shin nuair a bhuaigh fir óga an chondae craobh mionúir na hÉireann 'théis athimirt i gcoinne an chondae is clúite díobh uilig, Cíarraí. Bhí mé i mo sheasamh le m'athair sa seastán agus an fheadóg dheirí séidthe agus an bheirt againne ag breathnú ar a chéile gan focal eadrainn ar feadh meandair. Bhí an cluiche buaite againn agus an Ríocht faoi chois againn faoi dheireadh nuair a labhair m'athair: "táim ag crith go dona" a deir sé. D'fhéach mé ar mo lámha féin agus m'anam nach raibh siad ag crith dhá oiread níos measa ná é.

Feicimid sechtar nó ochtar de na mionúir chéanna an Satharn seo chugainn. Cad as a tháinig siad? Ní rabhamar ag súil leo in aon chor nuair a tháinig siad, ach tarlaíonn sé mar sin is dócha.

Aontaím le trachtairí le déanaí atá ag cáineadh caighdeán na gcluichí craoibhe ag tús an tsamhraidh. Níl cuid acu i mbliana chuige seo thar mholadh beirte agus ní chuidíonn "an chúldoras" le sin. Ní chuirfinn an cluiche a d'imríomar i bPáirc Sheáin Mhic Diarmada trí seachtaine ó shin i gcomparáid leis na cathanna a bhí eadrainn ag tús na naochadaí cuir i gcás, cé nárbh droch-chluice a bhí ann i mbliana. Ach is cluiche mór atá ann i gcónaí nuair a chasann Ros Comáin le Maigh Eo, bíodh sé sa chomórtas FBD i mí Eanair ná i lár mhí an Mheitheamh nuair a fheictear Wille Joe ar shráideanna Chaisleán an Bharraigh ag bailiú gloiní folamha agus a ghéaga nochtaithe don ghriain. Rachaimd ann arís eile inár mílte agus beidh ár nglórtha níos laige ar an mbealach abhaile aineoinn an toraidh. Na Rossies Abú! Whoo Hoo!

Wednesday, May 20, 2009

Baiste Modhach - Cé a Chreidfeadh?

D'fhiafraigh cara díom an tseachtain seo caite an mbeinn sásta 'bheith im' athair baiste dá iníon, ceist a chuir iontas agus áthas orm. Onóir mhór atá i gceist bheifeá ag smaoineamh agus freagracht mhór sa chreideamh Caitliceach ach níl an creideamh coitianta seo ag mo chara. Nigéireach atá ann, agus Modhach. Dá bhrí sin, agus don chéad uair ariamh, sheas mé taobh istigh de séipéal de chuid creidimh eile agus ar feadh dhá uaire shuimiúla bhlais mé de mhíreanna dá gcultúr.

Chaith an tréadaí culaith liath neamh-fhaisenata lá an bhaiste, ach d'fheil sí le cuma neamh-ghlórach an tséipéil. Bhí coinne againn leis, mise agus Bean Na Guí Aniar, agus tuismitheoirí an chailín bhig a bhí le baisteadh, ceathrú uaire roimh an searmanas, sa chaoi go mbeadh ár ndualgais cleachtaithe agus ar bharr na teanga againn. Fear meánaosta a bhí ann agus duine deas lách 'an fhírinne a rá. Shocraigh mé nach raibh tada cearr leis nuair a chuir sé a bhean in aithne dúinn agus ise déarfainn fiche bliain níos óige ná é. Roimh dheireadh na maidine bheadh seisiún Scoil Dhómhnaigh aici le páistí phobal Dé, agus muide, mar dhaoine fásta, ag plé véarsaí ó Ghníomhartha na nAspal go breá oscailte.

Cé hiad na trí fírinní a léigh Raphael sna véarsaí sin(go raibh maith agat a Raphael)? Nach cuimhin libh iad? An ceart agat! Agus an dara ceann...? Nach raibh sibh ag éisteacht(miongháire uaidh)?

Tá sean-aithne agam ar fhoirm an Aifrinn agus d'fhéadfainn buille fé thuairim a thabhairt ar a mheánfhaid i séipéal úr 'théis glór an tsagairt a chluinstean i dtosach agus a iompar ar an áltóir a fheiceáil. Ní mar an gcéanna a bhí sé i séipéal na Modhach. Thosaigh an searmanas nuair a sheas beirt bhan mhóra amach as an slua agus lean orthu ag canadh salm, ocht gcinn díobh, ag luascadh leo i dteannta leis an tréadaí agus muidne uilig inár seasamh ar feadh fiche nóiméad ar a laghad. "Maidin fhada 'tá i ndán dúinn" a déarfá dá mbeifeá in ann mo ghnúis a léamh, ach ar chaoi éigin thaithin a gcuid amhrán liom nó an chaoi a bhain siad sult as iad a chasadh. Bhí mé breá réchúiseach faoin am a ghlac mé an leabhairín agus léigh amach sliocht réamh-chleachtaithe ar an áltóir ach i ndáiríre níorbh áltóir í in aon chor ach seastán simplí. Bhí chuile rud simplí san áit seo agus b'shin mar a thaithin sé leo, cheapfainn.

Chuir fear na culaithe léithe an-bhéim ar an mBíobla i rith an tsearmanais. An lá seo bhí cuairt Pheadair ar Chornelius á phlé aige agus againn.

Níorbh rud coitianta 'bhfuil 'fhios agaibh, na laetha sin, do Ghiúdach mar Naomh Peadar, cuairt a thabhairt ar leithéidí Cornelius, nárbh Ghiúdach é... ach bhí grá ag Cornelius do Dhia, a Thiarna, agus chrom sé síos roimh Pheadar nuair a chonaic sé é..

Is cuimhin liom Scoil Dhómhnaigh á lua ar Little House On The Prairie nuair a bhíos á leanacht cúig bhliana fhichead ó shin. N'fheadair an raibh an neamh-shuim chéanna ag na páistí óga inti agus a bhí ag Albert Ingalls agus a chairde fadó? Dá mbeadh sé sa scoil s'againne bheadh cupán tae ann dó ag deireadh an ranga. Nach deas an rud é, cupán tae a ól sa séipéal? Táim a rá leat go raibh sé tuilte againn.

Chuala mé tráchtadh faoin "dream eile" nuair a bhíos ag fás aníos agus bhíos go minic ag smaoineamh ar leagan amach "an tSeirbhís" mar a thugtaí uirthi, iompar an tsagairt, bolladh an tséipéal agus araile. An gcreidfeá nár leag mé cos laistigh de séipéal dá gcuid ó shin go dtí seo? Bhí roinnt de mo cheisteanna freagraithe faoi dheireadh.

Ag siúl amach an doras againn, bhí an clann uilig ar bís, iad fíor-shásta le himeachtaí na maidine. Bhí an cailín óg ag breathnú thartimpeall uirthi go nósmhar agus a deartháir óg sona sásta léi agus leis féin. Seans maith go raibh sé ag smaoineamh ar an gCaisleán Preabach sa chúl-gháirdín. Bhí mise ag smaoineamh ar Chornelius, na trí fírinní agus an gculaith liath ag luascadh leis an gceol.