
Tá tusa láidir anois a athair ach bhí tú chomh leochaileach liomsa lá den saol. Ba bhreá leat trealamh galánta uilig an doctúra a réabadh ó chéile nuair a d'inis sé a scéal lofa daoibh. Ní raibh tú ábalta labhairt ach 'bheith ag siúl siar agus aniar an tseomra agus do dhá lámh fáiscithe go tréan agat le fearg agus uasfás. Níorbh fhéidir leat fiú breathnú uirthi, mo mháthair, 'théis an fhírinne 'bheith tite ort. Dóchas na beirte agaibh ag siúl isteach, beannú cairdiúil an dochtúra, íomhá mí-shoiléir ar an scáileán agus ansin ciúineas cinniúnach. "Tá brón orm" ar seisean ach bhí a fhios agaibh faoin am seo, níos lú ná cúig nóiméad 'théis teacht isteach daoibh. Níorbh fhéidir leat mé a chosaint ná súil a choimead orm, ainneoin do thola, agus bhris do chroí i leith nuair a d'fhéach tú faoi dheireadh ar an díomá ar aghaidh mo mháthar. Rachfá go ceithre cúinne na cruinne ar a son ach ní thigfeadh leat an fhadhb seo a leigheas dá rachfá féin. Bhí mé ró-lag agus b'éigean dom imeacht ach ná bíodh brón ort mar beidh laethanta níos gile ann arís.
Nílimid oilte d'eachtraí den leithéid seo. Sciobadh an deis uainn an iarraidh seo, a leanaín beag, tú a phiocadh suas sna géaga, ach ní dhéanfaimid dearmad go deo ort, mar mhair tú linn ar feadh giota beag ríméadach san earrach nuair a bhí borradh agus dóchas san aer. Tá uaigneas orainn anois a leanaín gan thú, nach féidir a chur in iúl.
Bhain sin deoir bheag asam.
ReplyDeleteChorraigh an croí ionaim agus bhí deoir le mo shúilse.
ReplyDeleteChaill muid féin beirt san dóigh seo. Tuigim dhuit. Píosa álainn.
ReplyDelete