Sunday, September 6, 2009

Scéal na Seanloinge Cogaidh, an Vasa

I dtús báire, a lucht léitheoireachta uasail, gabhaim mo leithscéal as ucht an tsosa fhada a thóg bhur nGuí Aniar ón scríbhneoireacht i rith an tsamhraidh. Níor leagas peann ar phár ón lá a buaileadh Ros Comáin chomh trom sin i mí an Mheithimh seo caite bhí mé chomh dona tinn sin ina dhiaidh. Tarraingím mí-ádh ar shaighdiúirí óga peile an chondae go minic nuair a thosaím ag caint fúthú agus dá bhrí sin ba chóir dom mo chlab agus mo pheann a cheansú ina leith siúd amach anseo.

Buíochas le Dia áfach ní raibh samhradh glan díomhaoin agam 'théis an tsléachta i gCaisleáin an Bharraigh; i lár na míosa seo caite chroch me seolta agus dhírigh mé m'aghaidh soir ó thuaidh i dtreo na Sualainne agus a príomhchathair Stochólm. Chuireas spéis i gcónaí sa tír chéanna ó oibrigh mé don chomhlacht Ericsson i lár na naochadaí ach níor thaisteal mé go dtí an tír go dtí seo. Chuala mé go minic faoin gcóras éifeachtach polaitiúil, an costas ard maireachtála, an córas iontach iompair poiblí, na comhlachtaí mór-le-rá dá cuid ar nós Volvo, Ikea, Scania, Ericsson ar ndóigh agus an grúpa ceoil eisceachtiúil, Abba. Tuigim freisin go bhfuil cáil níos mó anois ar Bjorn Borg mar gheall ar a bhranda pearsanta fho-bhríste ná a chumas imeartha leadóige. Ach níor chuala mé tada suntasach riamh faoi stair na Sualainne; tuigim gur fhulaing manaigh na hÉireann san ochtú agus an naoú aois ionsaite ó Lochlannaigh na hIorua, seachas Sualainnigh den chuid is mó. Ar ndóigh, áfach, tá a stair fhéin shuimiúil ag an tSualainn agus bhlais mé de cuid di in Iarsmalann an Vasa, an tSeanlong Uasal.

Sa bhliain 1626 bhí Gustavus Adolphus II ina Rí sa tSualainn le deich mbliana. Bhí an tír ag éirí láidir sa réigiún faoina stiúir ach bhí mí-shuaimhneas idir an tSualainn agus a comharsana ar imeall na Mara Bailte le blianta roimhe sin. Bhí siad ag troid in aghaidh na Danmhairge le thart ar chéad bliain faoin am seo agus bhí sean-namhaid le ríocht Phrotustúnach na Sualainne, Sigismund III, ina Rí sa Pholainn, tír Chaitliceach ar an Mór-Roinn. Bhíodh Sigismund ina Rí ar an tSualainn go dtí an bhliain 1599 nuair a chaill sé a choróin, rud goilliúnach dó ar ndóigh, agus rinne sé iarrachtaí nach beag i ndiaidh sin greim a fháil uirthi arís. Chomh maith le sin bhí na tíortha uilig ag iarraidh údarás mileata a fháil ar an Muir Bhailt. Chun a sproiceanna a thabhairt chun críche, agus a naimhde éagsúla a chur faoi chois, thuig Gustavus go raibh cabhlach long níos láidre de dhíth air agus d'ordaigh sé trí long chogaidh a thógáil; an chuid is mó agus is cáiliúla díobh tugadh an Vasa uirthi.

Tosaíodh an obair tógála ar an Vasa i mí Fheabhra 1626 sa longchlós i Stochólm. B'é Henrik Hybertsson ón Ísealtír a bhí i gceannas ar an tionscnamh, a bhí mar bhunchloch ar phaidrín an Rí ó thús deireadh. Chuir Gustavas brú aisteach ar na tógáilithe an obair a chríochnú in achar gairid agus faoi dheireadh, i samhradh na bliana 1628, d'fhógair ceannasaí na hoibre go raibh sí reidh le seoladh. Níor mhair Hybertsson chun an lá cinniúnach a fheiceáil áfach; cailleadh é in earrach na bliana 1627. Ar an deichiú Lúnasa 1628 bhí chuile rud socraithe. Bhí an long álainn nua deisithe le snoíodóireacht adhmaid daite de chuile shórt agus a seolta ar crochadh go glórmhar. Bhí doirse na ngunnaí móra ar oscailt sa chaoi go mbeadh neart mileata na loinge soiléir do chách. Cé nach raibh an Rí i láthair sa chuan chun an seoladh a fhecieáil bhí gach duine dóchasach go mbeadh sé sásta le himeachtaí an lae.

Ach níor mhair sí ach fiche nóimead. Nuair a shéid an ghaoth agus í nach ceithre chéad troigh ón dug, ba léir do ghnáthdaoine na cathrach, agus iad ag breathnú ina gcéadtha uirthi, go raibh an long mór ag titim le taobh amháin go tubaisteach. Samhlaigh an meandar beag seo sa stair, beagnach ceithre céad bliain uainn anois; na sluaite ar an gcuan, na tógáilithe agus na máirnéalaigh ar bord, a gcumas labhartha imithe agus an radharc do-chreidthe seo ina súile. Tháinig faoiseamh sealdach ar an bpointe nuair a cheartaigh an Vasa í féin arís ach go gairid i ndiaidh sin thit sí le taobh in athuair agus an iarraidh seo steall toirt mhór uisce isteach trí dhoirse na ngunnaí agus síos go tóin poill léi. Bádh thart ar caoga daoine ina teannta. Bhí crann an bháid le feiceáil os cionn bharr an uisce 'théis na tubaiste. Theip ar an iniúchadh a cuireadh ar bun ina diadh teacht ar chúis fréamhach. Bhí príomh-thógálaí an bháid marbh, lean gach duine a gcuid orduithe agus toil an Rí mar ba chóir agus ar ndóigh ní raibh aon duine sásta an locht a ghlacadh orthu fhéin. Ceaptar inniú, céadtha i ndiaidh na tubaiste, gur cuireadh an iomarca brú ar lucht deartha na loinge, go raibh eagla orthu aon mhoill a chur ar a seoladh an lá sin cé go raibh amhrais mhóra acu mar gheall ar a cumas snámha. Tá daoine eile den tuairim go raibh an iomarca airm agus gunnaí móra ar bord agus nach raibh an frith-mheáchan sách mór nó eagraithe i gceart chun í a choimead slán. Níltear cinnte go fóill áfach céard go díreach ba chúis le tubaist obann an Vasa an lá sin.

Cé gur sábháileadh roinnt airm ón long bhocht theip ar ghach iarracht í a tharraingt go barr uisce arís. Ghlac na saineolaithe agus na húdaráis nach raibh an teicneolaíocht chuí acu chun soitheach chomh mór agus chomh trom sin a shábháil. Ní ndearnadh dearmad uirthi go hiomlán ach thar tréimhse ama d'imigh an bád mór agus an áit bhaileach ina raibh sí suite ó chuimhne na Sualainneach. Ach trí chéad fiche hocht bliana níos deireannaí, i 1956, d'éirigh le seandálaí Sualainneach, Anders Franzén, an tseanlong agus a scéal a chur ar ais i mbéal na ndaoine nuair a tháining sé uirthi thart ar céad troigh faoin uisce píosa beag amach ón áit as a seoladh í glúinte roimhe sin. Shocraigh rialtas na Sualainne iarracht úr a dhéanamh an long chogaidh a árdú go gairid i ndiaidh sin agus ar an ochtú lá d'Aibreáin 1961, os comhair sluaite móra áitiúla agus ó thíortha ar fud an domhain, chonacthas sean-adhmad an Vasa ag brisreadh trí uachtar an uisce; bhí solas na gréine uirthi arís! Óir nach bhfuil uisce an chalafoirt i Stochólm leath-chuid chomh salannach le gnáth uisce sáile níl an oiread céanna de longphéisteanna ann, fíríc a chuidigh go mór leis an neart a bhí fos i gcabhail na lonige. Dá bhrí sin bhí sí in ann snámh ar a cabhail féin go dtí an dug tirim.

Thosaigh an obair seandálaithe i gceart nuair a bhí an tseanlong uasal ar ais ar an bhfód. Obair mhall fhoideach a bhí i gceist. B'éigean don chorp uilig a thriomú agus a ghlanadh ó bhun go barr gan aon iarsmaí luachmhara a chailleadh ná díobháil breise a dhéanamh. Mion-phíosa adhmaid anseo gur chóir 'bheith ansiúd, tairní dearg-mhillte agus láib i ngach aon áit. Ach ainneoin an dhúshláin mhóir, cé a chreidfeadh, nuair a críochnaíodh an obair níor ghá ach cúig faoin gcéad d'ábhar nua a chur in áit an méid a cailleadh(téada, crainn agus ábhar iarainn ar nós tairní den chuid is mó). D'fhan an bád ath-chóirithe bródúil ar taispeáint go poiblí ó tús na seascaidí go dtí an bhliain 1988 nuair a bronnadh áit chónaithe ghlórmhar nua di, an Vasamuseet, nó Iarsmalann an Vasa, áit a bhfuil lóistín fós aici. Is minic ar mo laethanta saoire a éirím bréan le l'audioguide agus mé ag siúl timpeall iarsmalanna na gcathracha mór-le-rá san Eoraip ach is eisceacht ceart í an Vasamuseet. Tá sí thar barr ar fad mar iarsmalann. Chomh maith leis an mbád iontach mór sa lár tá mion-scannán faisnéise ar siúl a thugann beocht eile don scéal, turais fíor-shuimiúla agus macsamhlacha de na máirnéalaigh a bádh lá na tubaiste, bunaithe ar ábhar a mblaoscanna féin. D'fhéadfá breathnú isteach i súile na bhfear, taibhsí na staire, a d'íoc go daor sa seachtú aois déag as a bheith ar bord long lochtach de chuid Gustavas Adolphus II.

3 comments:

  1. Fáilte ar ais a Ghuí! Tá an t-alt seo thuas an-spéisiúil go deo. Is iomaí uair a tháinig dúil orm cuairt a thabhairt ar an tSualainn. Cúis amháin eile agam anois.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat a Thomaltaigh. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an tír chéanna ach bí cúramach mar gheall ar na báid.

    ReplyDelete