Wednesday, May 20, 2009

Baiste Modhach - Cé a Chreidfeadh?

D'fhiafraigh cara díom an tseachtain seo caite an mbeinn sásta 'bheith im' athair baiste dá iníon, ceist a chuir iontas agus áthas orm. Onóir mhór atá i gceist bheifeá ag smaoineamh agus freagracht mhór sa chreideamh Caitliceach ach níl an creideamh coitianta seo ag mo chara. Nigéireach atá ann, agus Modhach. Dá bhrí sin, agus don chéad uair ariamh, sheas mé taobh istigh de séipéal de chuid creidimh eile agus ar feadh dhá uaire shuimiúla bhlais mé de mhíreanna dá gcultúr.

Chaith an tréadaí culaith liath neamh-fhaisenata lá an bhaiste, ach d'fheil sí le cuma neamh-ghlórach an tséipéil. Bhí coinne againn leis, mise agus Bean Na Guí Aniar, agus tuismitheoirí an chailín bhig a bhí le baisteadh, ceathrú uaire roimh an searmanas, sa chaoi go mbeadh ár ndualgais cleachtaithe agus ar bharr na teanga againn. Fear meánaosta a bhí ann agus duine deas lách 'an fhírinne a rá. Shocraigh mé nach raibh tada cearr leis nuair a chuir sé a bhean in aithne dúinn agus ise déarfainn fiche bliain níos óige ná é. Roimh dheireadh na maidine bheadh seisiún Scoil Dhómhnaigh aici le páistí phobal Dé, agus muide, mar dhaoine fásta, ag plé véarsaí ó Ghníomhartha na nAspal go breá oscailte.

Cé hiad na trí fírinní a léigh Raphael sna véarsaí sin(go raibh maith agat a Raphael)? Nach cuimhin libh iad? An ceart agat! Agus an dara ceann...? Nach raibh sibh ag éisteacht(miongháire uaidh)?

Tá sean-aithne agam ar fhoirm an Aifrinn agus d'fhéadfainn buille fé thuairim a thabhairt ar a mheánfhaid i séipéal úr 'théis glór an tsagairt a chluinstean i dtosach agus a iompar ar an áltóir a fheiceáil. Ní mar an gcéanna a bhí sé i séipéal na Modhach. Thosaigh an searmanas nuair a sheas beirt bhan mhóra amach as an slua agus lean orthu ag canadh salm, ocht gcinn díobh, ag luascadh leo i dteannta leis an tréadaí agus muidne uilig inár seasamh ar feadh fiche nóiméad ar a laghad. "Maidin fhada 'tá i ndán dúinn" a déarfá dá mbeifeá in ann mo ghnúis a léamh, ach ar chaoi éigin thaithin a gcuid amhrán liom nó an chaoi a bhain siad sult as iad a chasadh. Bhí mé breá réchúiseach faoin am a ghlac mé an leabhairín agus léigh amach sliocht réamh-chleachtaithe ar an áltóir ach i ndáiríre níorbh áltóir í in aon chor ach seastán simplí. Bhí chuile rud simplí san áit seo agus b'shin mar a thaithin sé leo, cheapfainn.

Chuir fear na culaithe léithe an-bhéim ar an mBíobla i rith an tsearmanais. An lá seo bhí cuairt Pheadair ar Chornelius á phlé aige agus againn.

Níorbh rud coitianta 'bhfuil 'fhios agaibh, na laetha sin, do Ghiúdach mar Naomh Peadar, cuairt a thabhairt ar leithéidí Cornelius, nárbh Ghiúdach é... ach bhí grá ag Cornelius do Dhia, a Thiarna, agus chrom sé síos roimh Pheadar nuair a chonaic sé é..

Is cuimhin liom Scoil Dhómhnaigh á lua ar Little House On The Prairie nuair a bhíos á leanacht cúig bhliana fhichead ó shin. N'fheadair an raibh an neamh-shuim chéanna ag na páistí óga inti agus a bhí ag Albert Ingalls agus a chairde fadó? Dá mbeadh sé sa scoil s'againne bheadh cupán tae ann dó ag deireadh an ranga. Nach deas an rud é, cupán tae a ól sa séipéal? Táim a rá leat go raibh sé tuilte againn.

Chuala mé tráchtadh faoin "dream eile" nuair a bhíos ag fás aníos agus bhíos go minic ag smaoineamh ar leagan amach "an tSeirbhís" mar a thugtaí uirthi, iompar an tsagairt, bolladh an tséipéal agus araile. An gcreidfeá nár leag mé cos laistigh de séipéal dá gcuid ó shin go dtí seo? Bhí roinnt de mo cheisteanna freagraithe faoi dheireadh.

Ag siúl amach an doras againn, bhí an clann uilig ar bís, iad fíor-shásta le himeachtaí na maidine. Bhí an cailín óg ag breathnú thartimpeall uirthi go nósmhar agus a deartháir óg sona sásta léi agus leis féin. Seans maith go raibh sé ag smaoineamh ar an gCaisleán Preabach sa chúl-gháirdín. Bhí mise ag smaoineamh ar Chornelius, na trí fírinní agus an gculaith liath ag luascadh leis an gceol.

6 comments:

  1. Togha scríbhneoireachta arís a Ghuí. Ná laga Dia do pheann fealsúnachta.

    ReplyDelete
  2. Ní chuir bean Thomaltaigh - arb as oirthear Chondae na Gaillimhe di - ar aon phrotastúnach go dtí gur thosaigh sí ag freastal ar ollscoil na Gaillimhe. Rud a chuir iontas an domhain ar Thomaltach.

    Níl ach 250 duine ina gcónaí ar an tsráidbhaile (i nDeisceart Thír Chonaill) ar fhás mise aníos ann. Mar sin féin tá trí eaglais ann: Séipéal Caitliceach, Eaglais de chuid Eaglais na hÉireann, agus Eaglais bheag Mhodhach. (Agus tá eaglais bheag Phreispitéireach i Ros Neamhlach, cúpla míle ón tsráidbhaile, ach is beag Preispitéirach atá fágtha sa cheantar). D'fhéadfá a rá gurb ionann an creideamh atá ag muintir Eaglais na hÉireann is atá ag lucht Eaglais Shasana, creideamh, is dóigh liom, atá leath bealaí idir an Caitliceachas agus na heaglaisí leasaithe.

    Ar aon nós, ba léir dom nuair a bhí mé an-óg go raibh na Modhaigh ni ba choimeadaí ná mhuintir Eaglais na hÉireann. Ba bheag modhach a chuir suim san olachán, nó i ndamhsa go fiú. Is fíor go raibh rionnt mhaith de mhuintir Eaglais na hÉireann coimeadach freisin, gur choinnigh siad smacht orthu féin.

    Rud eile - is iad muintir Eaglais na hÉireann atá ina mbaill den ord bhuí.

    Fiche cúig bliain ó shin - nuair a bhí mise im dhéagóir - bhí deighilt éigin idir na creidimh. Ní raibh gráinn ann ná tada mar sin. Ach idir na caitlicigh agus na protastúnaigh bhí bearna éigin. Bhí siad beagnach in amhras faoina chéile. Ach thart ar an am sin - tús na n-ochtóidí - thosaigh an scéal ag athrú. De réir a chéile d'imigh an bhacainn idir an dá phobal. Is cuimhin liom nár mheasc muintir Eaglais na hÉireann agus na Caitlicigh lena chéile sna tithe tábhairne. Bhí líne dhofheicthe ann i dteach tábhairne amháin. Ach d'imigh sin.

    Is ciumhin liom an chéad bhainis idir protastúach agus caitliceach. Ba mhór an scéal é i mbéal an phobail ag an am. Ach ní rud as an ghnáth anois é buíochas mór le Dia.

    Sin é an chaoi ar leag mise mo chos in eaglais phrotastúach don chéad uair. Phós mo dheartháir bean atá ina ball d'Eaglais na hÉireann. Féadaim a rá go bhfuil caidreamh iontach, nadúrtha, cairdiúil, muinteartha idir an dá chlann. Go maire sé amhlaidh.

    ReplyDelete
  3. Rinne mé praiseach den chéad abairt. Seo arís í:

    Níor chuir bean Thomaltaigh - arb as oirthear Chondae na Gaillimhe di - aithne ar aon phrotastúnach go dtí gur thosaigh sí ag freastal ar ollscoil na Gaillimhe.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh a chairde as ucht an alt a léamh. Tá léargas suimiúil ag an Tomaltach ar an ábhar seo go deimhin. Dá bhfeicfeá fear bhuí i Ros Comáin bheifeá cinnte go mbeadh sé ar seachrán ceart.

    ReplyDelete
  5. Ná déan dearmad an duais a phiocadh suas ó mo bhlagsa

    ReplyDelete