tag:blogger.com,1999:blog-19830214743934358112024-03-18T21:14:03.312-07:00An Ghuí AniarChaith mé an chéad chuid de mo shaol i Ros Comáin, agus ar ndóigh tá cionn mór fós agam air. Ó dheireadh na n-ochtaidí tá cónaí orm i bpríomhchathair an Iarthair, Gaillimh, ar mo chompord. Is breá liom cluiche galánta peile, cosúil le Learaí i Fios Feasa fadó agus plátaí móra prátaí.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.comBlogger10125tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-42619363558650717462011-07-07T06:24:00.000-07:002011-08-15T14:19:58.362-07:00Cormac BánNíl ionam fós ach gasúr óg

Gan coicís caite ar an bhfód

Is chuige seo ar m'anam beo

Táim ceart-lár ar mo sháimhín só

Ag luascadh liom i mo chliabhán

Táthar á ghlaoch orm "Cormac Bán"

Ní bhím cant'lach de ghnáth

Fiú amháin san oíche(ná sa lá)

Bainne úr ón gcíoch led' thoil

Go beo más mian leat(gan aon mhoil)

Coladh sámh le bolg lán

Shásódh an méid sin Cormac Bán

Ach goille, céard faoi dhaoine fásta?

Na créatúir bhochta, shíor-mhíshásta!

Ag rith thartimpeall gan aon scíth

Nó ag útamáil ar chúl an tí

Is maidir leis an mbeirt Mhaimeó

Táid dearg-chreacáilte go deo!

Tá fear is bean liom thiar sa teach

Nár chaith go fóill mé 'n doras amach

Má fhanaim ciúin le linn na hoíche

Beidh síocháin órga eadrainn choíche

Iad beirt ar bís go dtáinig mé slán

Is a saolta 'roinnt le Cormac Bán

Amach anseo céard 'tá i ndán

Do bhuachaill beag ó Ros Comáin?

Post mór-le-rá i mBail' Átha Cliath

Nó socrú síos in Iarthar 'tíre?

'Sna tíortha teo nó thall sa Spáinn

Tá saol mór romhat, a Chormaic BháinAn Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-7552723280906567092010-09-12T03:28:00.000-07:002010-09-16T03:39:54.416-07:00FearIarainn ar na bacáin?Trí bliaina ó shin bhí sé de nós agam rith ar bhóithre an cheantair áitiúil sa tráthnónta agus ag an deireadh sechtaine, chun caighdeán réasúnta aclaíochta a choimead 'théis dom spóirt fhóirne a chaitheamh isteach faoi dheireadh. Bhaineas an-taithneamh as an ngníomhíocht seo. Dúirt cara liom, fear a d'imir d'fhoireann iománaíochta na Gaillimhe tráth, go rachadh sé amach ag rith ar mhaithe sláinte a chloiginn. Thuig mé céard a bhí a rá aige; tagann agus imíonn an iliomad smaointe chugat agus tú amuigh ag rith id' aonor agus ar chaoi éigean airíonn tú níos fearr ina dhiaidh. Ach de réir a chéile i mo chás-sa, i ngan fhios dom, bhí díobháil á dhéanamh agam do loingeán  mo ghlúine deise. Bhí obráid ghlúine agam deich mbliana roimhe sin chun gortú ballnaisc a dheisiú agus is cosúil gur dearnadh díobháil don loingeán freisin tráth an ghortaithe a bhí ag dul rud beag in olcas 'ach uair a bhuail mo chos dheas an bóthar crua. Chríochnaigh mé leath-mharathon Chonamara an bhliain sin agus cúpla seachtain i ndiaidh sin tar éis gnáth-rith uair an chloig timpeall na cathrach níor fhéad mé mo chos a lúbadh gan phian mhillteannach. Thóg mé sos gearr seachtaine agus ansin ceann níos faide ach ba chuma, chomh luath agus a rinne mé teagmháil leis an mbóthar thagadh an phian ar ais go neamhbhalamh. Dúirt na saineolaithe cnámh liom an bhliain seo caite nach raibh aon leigheas ar an bhfadhb ach na bóithre a sheachaint den chuid is mó. "Más dúshlán atá uait" adúirt an comhairleoir "bain triail as triathlon; tabharfaidh an snámh agus an rothaíocht faoiseamh don glúin". Togra úr ar bun.

Measaim gur gné nua de chúltúr na tíre seo iad gníomhachtaí aclaíochta aonaracha agus go bhfuil borradh ceart fúthú le tamall anuas. Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhí an pheil ann agus chaitheadh duine 'bheith sách aclaí chun í a imirt(ní áirím Major nó dhó a chaití ag leath ama) ach nuair a bhí fear dulta measartha fada in aois b'éigean dó éirí as agus ba bheag baint a bhíodh aige le spórt eagraithe ina dhiaidh sin. Sin gan tráchtadh ar dhaoine nár ghlac páirt ar bith i spóirt fhóirne ar nós peile, iománaíochta nó sacair, ceal suime nó tallainne. Ní raibh cultúr láidir sa tír an tráth sin mar a bhí agus atá san Astráil, cuir i gcás, a shasódh andúiligh aidréanailín an lae inniú ach tá a n-uimhreacha anois ag méadú gach bliain. Feicim anois daoine nár thóg bróg peile nó camán ina nglac ariamh amuigh ag dreapadóireact, ag rith trí uaire sa tseachtain, ag ceannacht rothair rása galánta, ag snámh san fharraige le cultacha fliucha nó ag caint ar tairiscintí sealdacha ar wiggle.co.uk nó chainreactioncycles.com. Tá siad ann, ná bíodh aon bhaol ort agus tá siad, idir fhir agus mhná, óg agus aosta, ag glacadh páirt i nGael Force, Achill Roar, leath-mharathon Chonamara, Hell of the West, a lán eile nach iad agus an t-léine á chaitheamh acu go bródúil ina dhiaidh. Is fíor-dhearfach an rud é agus má leantar leis tiocfaidh rath na sláinte as amach anseo.

Shiúil mé amach oifig an chomhairleora le rún daingean cumas snámha a bheith ar mo thoil agam faoin samhradh dar gcoinn. Beag seans go dtitfinn den rothar nó as mo sheasamh ach mura ndéanfainn dul-chun-cinn suantasach sa linn snámha bheadh orm leathbhád a sheoladh timpeall an locha lá an rása mar ní fhéadfainn fiú trí fhad den linn a shnámh gan m'anáil a chailleadh. Déarfainn gur é an snámh an dúshlán is mó do dhaoine a shocraíonn triail a bhaint as an dtriathlon. Thar tréimhse ama chuireas an t-uafás iarrachta isteach ag freastal ar ranganna snámha, ag dul go dtí an linn go moch ar maidin roimh am oibre, ag snámh san fharraige agus faoi dheireadh sa loch féin. Fuacht uisce na farraige i mí Aibreáin, táim a rá leat, nach bhfuil léamh ná scríobh na inse béil air; bhí culaith fhliuch orm an chéad mhaidin ach ba chuma sa diabhail, chuir sé nítrigin leachtaithe ó ranganna ceimice na hArdteiste i gcuimhne dom bhí sé chomh fuar, fuar sin. Chuir sé iontas orm an téamh a tharla ó shin go dtí an samhradh. Faoi dheireadh mhí Lúnasa bhí an uisce go breá tirim agus cé go raibh go leor feabhais fós le déanamh agam bhíos sásta aghaidh a thabhairt ar uisce oscailte an locha.

Ba chosúil leis an ndá uair roimh chluiche peile an t-am a chaith mé ag siúl suas agus síos go díreach roimh thosnú an rása. Ní raibh tada uaim ach fuaim na feadóige tosaí a chluinstin. Bhí imní orm faoin tús agus an clampar agus mearbhall gur féidir a bheadh ann nuair a thosódh trí chéad go leith daoine ag bualadh leo tríd an uisce i gcúinne amháin den loch. Ach d'éirigh liom bealach a fháil ó thuaidh go dtí an chéad bhaoi gan uillinn nó rúitín a fháil sa phus; tús breá. I gcodarsnacht leis an bhfarraige, tá uisce an locha dubh dorcha nuair a fhéachtar síos inti. Níl feamainn ná éisc bheaga le feiscint anseo ná baol air ach bhíos amhrasach corruair faoi liús ollmhór 'bheith i bhfolach thíos fúm sa dorchadas. Cá bhfios céard atá beo thíos agus muidne, landlubbers, ag snámh thart ar bharr? Tagann na smaointe seo chugat an chéad uair a fhágann tú bruach an locha agus cuireann siad le mí-shuaimhneas nádúrtha an duine nochtaithe amuigh in uisce oscailte. Ach tagtar isteach air de réir a chéile agus m'anam gur shroich mé bruach an locha arís gan eachtra as bealach. Baintear an dara craiceann díot agus gan sos caithtear an rothar a ghríosadh. Cúig mhíle déag(agus beagnach uair an chloig i mo chás) níos déanaí bhí sé in am an tseanghlúin bhriste a thrialladh ar feadh trí mhíle eile. Thuig mé faoin am seo go raibh an chuid is mó dena hiomaitheoirí eile críochnaithe cheana féin agus ag ligint a scíth; bhí a ndruga pearsanta nádúrtha glactha acu agus iad ar a suaimhneas le tuirse deas ar na matáin agus an t-anáil ag teacht go héasca chugaibh. 'Théis uair is caoga 'haon nóiméad bhíos féin san áireamh agus buíochas le Dia níor chuir an drochghlúin isteach orm i rith an ama sin nó ó shin.

Tá éagsúlacht ag baint leis an dtriathlon nach bhfuil ann le gnáth-rásaíocht. Déarfadh daoine áirithe go bhfuil níos mó ábhar ag trílúthchleasaithe ná ag gnáthrásaithe a bheith ag caint go fada leadránach fúthú sa teach óil agus tá rian na fírinne sa mhéid sin. Más trealamh tomhais atá uait, bréagáin an spóirt, tá sé ar fáil i gcuile cineál ón mbranda Garmin, cuir i gcás, agus a lán eile. Tá dearcadh dearfach cairdiúil le sonrú thar aon tréith eile ó dhaoine a chuireann suim sa spórt, rud a bhí an-mhealltach dom. Ní bheadh FearIarainn ar mo chumas go brách de bharr na drochglúine ach teastíonn tuilleadh den stuif seo uaim ar feadh píosa eile.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-76262725073946196402010-04-26T13:24:00.000-07:002010-04-27T02:12:05.614-07:00An Ghin LeochaileachNá bíodh brón ort a mháthairín nach raibh tú in ann cabhrú liom nuair a bhris an dochtúir a dhrochscéal duit. Bhí an méid sin cumha ort nach raibh sé ar chumas agat caoineadh. Le dhá mhí anuas bhí áthas agus dóchas aisteach ort agus tú ag súil an méid a bhí i do chnámha nach dtárlódh tada as bealach dom, ach i ngan fhios duit agus d'éinne, bhí cliste orm 'dhul níos faide cheana fhéin nuair a sheol tú isteach doras an ospidéil go soinneata go gairid sular fhoghlaim tú an fhírinne faoi mo chás-sa. Ach ná bíodh brón ort a mháthair beag, mar bhí mise ró-lag agus ró-leochaileach don saol seo agus b'éigean dom éag uait go ciúin síochánta. Tá fhios agam nach ndéanfaidh tú dearmad go deo orm ná ar an lá a thuig tú i dtosach go raibh mé á iompar agat. Tá an bhrí agus an fuinneamh go han íseal ionat anois ach cuimhin go mbeidh laethanta níos fearr ná seo agat amach anseo cé nach mbeidh mé ar taobh leat.

Tá tusa láidir anois a athair ach bhí tú chomh leochaileach liomsa lá den saol. Ba bhreá leat trealamh galánta uilig an doctúra a réabadh ó chéile nuair a d'inis sé a scéal lofa daoibh. Ní raibh tú ábalta labhairt ach 'bheith ag siúl siar agus aniar an tseomra agus do dhá lámh fáiscithe go tréan agat le fearg agus uasfás. Níorbh fhéidir leat fiú breathnú uirthi, mo mháthair, 'théis an fhírinne 'bheith tite ort. Dóchas na beirte agaibh ag siúl isteach, beannú cairdiúil an dochtúra, íomhá mí-shoiléir ar an scáileán agus ansin ciúineas cinniúnach. "Tá brón orm" ar seisean ach bhí a fhios agaibh faoin am seo, níos lú ná cúig nóiméad 'théis teacht isteach daoibh. Níorbh fhéidir leat mé a chosaint ná súil a choimead orm, ainneoin do thola, agus bhris do chroí i leith nuair a d'fhéach tú faoi dheireadh ar an díomá ar aghaidh mo mháthar. Rachfá go ceithre cúinne na cruinne ar a son ach ní thigfeadh leat an fhadhb seo a leigheas dá rachfá féin. Bhí mé ró-lag agus b'éigean dom imeacht ach ná bíodh brón ort mar beidh laethanta níos gile ann arís.

Nílimid oilte d'eachtraí den leithéid seo. Sciobadh an deis uainn an iarraidh seo, a leanaín beag, tú a phiocadh suas sna géaga, ach ní dhéanfaimid dearmad go deo ort, mar mhair tú linn ar feadh giota beag ríméadach san earrach nuair a bhí borradh agus dóchas san aer. Tá uaigneas orainn anois a leanaín gan thú, nach féidir a chur in iúl.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-8949349425522240692009-12-30T03:52:00.000-08:002009-12-30T13:58:28.111-08:00Slán Leat Mar Sin a Jimmy, Wunderkatze der WeltRinne mé tagairt sa cholún seo cheana do chat uasal dárbh ainm Jimmy, a nósanna agus a cháil ó chuir sé faoi linne trí bliana go leith ó shin. Ós rud é nach bhfuil sé fós inár dteannta, níor chóir ná cheart níos mó ama a ligean le sruth gan cúpla smaoineamh a scríobh faoi Wunderkatze der Welt  , mar a thug a mháthair altrama  air go minic.

Níor chuir Jimmy aon spéis ariamh sa teilifís, seachas b'fhéidir clár faisnéise ar Chlann Ríoga na Breataine nó Big Cat Diary corr-sheachtain, dá mbeadh a dhóthain ama caite aige ina choladh an lá céanna. De ghnáth chasadh sé a cheann i dtreo eile nuair a thosaíodh leithéidí Strictly Come Dancing, Grey's Anatomy nó The Panel. Ní raibh aon bhaol ann go gcuirfeadh Jimmy a chuid ama amú ag breathnú ar a leithéid. Nach gcreidfeá go bhfuil neart eile le déanamh ag cat cathrach an lae inniú? M'anam go mbíodh mo dhuine go bun na gcluas 'ach aon lá dá chaith sé linne. B'annamh nach raibh sé ina shuí roimh a sé ar maidin, é suite ar bharr an bhalla ag breathnú timpeall ar a chríocha. Roimh an bricfeásta chuireadh sé an ruaig gan aon stró ar bhithiúnaigh áitiúla dá chine a dhéanadh ionsuithe laethiúla ar a thalamh. Ní chuireadh an fhoréigean rialta seo isteach ná amach ar Jimmy; ghlac sé léi mar chuid de shaol an chait chathraigh agus ar aon chaoi bhíodh an chrúb in uachtar aige ar a naimhde suaracha i gcónaí. An chuid eile den lá, dá ligfí isteach é, chaitheadh sé ina luí(obair fíor-thábhachtach), ag féin-ghlanadh, ag súgradh nó ag éisteacht le RTÉ Lyric FM. The Hamilton Scores agus The Blue of The Night na cláracha ab ansa dó. Seachas corr-chuairt go dtí a ghaolta sa Ghaeltacht i mBaile Chláir sin mar a chaitheadh Jimmy a chuid ama, lá i ndiaidh lae agus é ag fás aníos ina stócach láidir le blianta fada amach roimhe, cheapfá.

Ach cúpla mí ó shin thug bean do thuairisceora faoi deara nach raibh an bhrí chéanna i Jimmy le tamall beag anuas. D'fhanadh sé amuigh sa gháirdín ina aonar ar feadh i bhfad i rith an lae, ní raibh an tsuim chéanna aige sa phlaidhcaíocht ná sa ghnáth-shúgradh laethiúil agus níos aistí fós bhí a fhionnadh ag éirí salach toisc nach raibh sé á ghlanadh. Chuir sé iontas orm lá eile nuair a tháinig sé an doras isteach go stadach agus é dearg-bhuailte agus scríobtha 'théis an cath a chailleadh taobh amuigh den chéad uair ariamh. Chomh maith le seo, bhí a ghoile in easnamh ar fad agus an t-úasfás uisce á ól aige. Níor thugas aon aird ar na comharthaí seo i dtosach ach bhí imní ní ba mhó ag bean an tí ina dtaobh agus rinne sí coinne leis an tréadlia nuair ba léir nach raibh feabhas ag tíocht ar an gcréatur bocht in imeacht na seachtainí. Drochscéala a bhí aige dúinne; ailse fola na gcat  a bhí ag Jimmy, galar coitiana, insíodh dúinn, ar shráideanna agus lánaí bailte agus cathracha na tíre. Níos measa fós, galar do-leigheasta, marfach atá ann. Ní raibh aon chinneadh le déanamh anois againn ach socrú linn féin cathain ba chóir dúinn coinne eile a dhéanamh chun deireadh buan a chur lena fhulaingt.

Lá na cinniúna tháinig sé fliuch salach agus b'éigean dom poll beag tomhas cait  a thocailt sa gháirdín. D'ardaigh Jimmy a cheann agus mé ar mo bhealach amach ag breathnú go fiosrach ar an tsluasaid. N'fhedair an raibh a fhios aige céard a bhí ar bun agam? Ba dheacair dúinne é a mhealladh isteach sa charr i ndiaidh sin ar aon chaoi. Dá bhfeicfeá an scannán Dead Man Walking ariamh, bheadh leid agat ar mhodh chineálta maraithe an tréadlia; dhá instealladh atá i gceist, an chéad cheann chun an t-othar a chur ina choladh agus an chéad cheann eile chun a chroí a stopadh. Chaithfeadh croí cloiche a bheith i do chliabh gan trua a aireachtáil d'aon chréatur ar an taobh géar den tsnáithid chéanna.

Bhí súile bhean an tí dearg le deora faoin am a chuireamar an caitín bocht sa bháisteach. Nach aisteach an chaoi a éiríonn muid mór le hainmhithe agus gan aon chaidreamh eadrainn? Sin mar a tharla eadrainn agus Jimmy, die fantastische Wunderkatze.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-64401030849151997922009-09-06T12:43:00.000-07:002009-09-19T07:57:50.920-07:00Scéal na Seanloinge Cogaidh, an VasaI dtús báire, a lucht léitheoireachta uasail, gabhaim mo leithscéal as ucht an tsosa fhada a thóg bhur nGuí Aniar ón scríbhneoireacht i rith an tsamhraidh. Níor leagas peann ar phár ón lá a buaileadh Ros Comáin chomh trom sin i mí an Mheithimh seo caite bhí mé chomh dona tinn sin ina dhiaidh. Tarraingím mí-ádh ar shaighdiúirí óga peile an chondae go minic nuair a thosaím ag caint fúthú agus dá bhrí sin ba chóir dom mo chlab agus mo pheann a cheansú ina leith siúd amach anseo.

Buíochas le Dia áfach ní raibh samhradh glan díomhaoin agam 'théis an tsléachta  i gCaisleáin an Bharraigh; i lár na míosa seo caite chroch me seolta agus dhírigh mé m'aghaidh soir ó thuaidh i dtreo na Sualainne agus a príomhchathair Stochólm. Chuireas spéis i gcónaí sa tír chéanna ó oibrigh mé don chomhlacht Ericsson i lár na naochadaí ach níor thaisteal mé go dtí an tír go dtí seo. Chuala mé go minic faoin gcóras éifeachtach polaitiúil, an costas ard maireachtála, an córas iontach iompair poiblí, na comhlachtaí mór-le-rá dá cuid ar nós Volvo, Ikea, Scania, Ericsson ar ndóigh agus an grúpa ceoil eisceachtiúil, Abba. Tuigim freisin go bhfuil cáil níos mó anois ar Bjorn Borg mar gheall ar a bhranda pearsanta fho-bhríste ná a chumas imeartha leadóige. Ach níor chuala mé tada suntasach riamh faoi stair na Sualainne; tuigim gur fhulaing manaigh na hÉireann san ochtú agus an naoú aois ionsaite ó Lochlannaigh na hIorua, seachas Sualainnigh den chuid is mó. Ar ndóigh, áfach, tá a stair fhéin shuimiúil ag an tSualainn agus bhlais mé de cuid di in Iarsmalann an Vasa, an tSeanlong Uasal.

Sa bhliain 1626 bhí Gustavus Adolphus II ina Rí sa tSualainn le deich mbliana. Bhí an tír ag éirí láidir sa réigiún faoina stiúir ach bhí mí-shuaimhneas idir an tSualainn agus a comharsana ar imeall na Mara Bailte  le blianta roimhe sin. Bhí siad ag troid in aghaidh na Danmhairge le thart ar chéad bliain faoin am seo agus bhí sean-namhaid le ríocht Phrotustúnach na Sualainne, Sigismund III, ina Rí sa Pholainn, tír Chaitliceach ar an Mór-Roinn. Bhíodh Sigismund ina Rí ar an tSualainn go dtí an bhliain 1599 nuair a chaill sé a choróin, rud goilliúnach dó ar ndóigh, agus rinne sé iarrachtaí nach beag i ndiaidh sin greim a fháil uirthi arís. Chomh maith le sin bhí na tíortha uilig ag iarraidh údarás mileata a fháil ar an Muir Bhailt. Chun a sproiceanna a thabhairt chun críche, agus a naimhde éagsúla a chur faoi chois, thuig Gustavus go raibh cabhlach long  níos láidre de dhíth air agus d'ordaigh sé trí long chogaidh a thógáil; an chuid is mó agus is cáiliúla díobh tugadh an Vasa uirthi.

Tosaíodh an obair tógála ar an Vasa i mí Fheabhra 1626 sa longchlós i Stochólm. B'é Henrik Hybertsson ón Ísealtír a bhí i gceannas ar an tionscnamh, a bhí mar bhunchloch ar phaidrín an Rí ó thús deireadh. Chuir Gustavas brú aisteach ar na tógáilithe an obair a chríochnú in achar gairid agus faoi dheireadh, i samhradh na bliana 1628, d'fhógair ceannasaí na hoibre go raibh sí reidh le seoladh. Níor mhair Hybertsson chun an lá cinniúnach a fheiceáil áfach; cailleadh é in earrach na bliana 1627. Ar an deichiú Lúnasa 1628 bhí chuile rud socraithe. Bhí an long álainn nua deisithe le snoíodóireacht adhmaid daite de chuile shórt agus a seolta ar crochadh go glórmhar. Bhí doirse na ngunnaí móra ar oscailt sa chaoi go mbeadh neart mileata na loinge soiléir do chách. Cé nach raibh an Rí i láthair sa chuan chun an seoladh a fhecieáil bhí gach duine dóchasach go mbeadh sé sásta le himeachtaí an lae.

Ach níor mhair sí ach fiche nóimead. Nuair a shéid an ghaoth agus í nach ceithre chéad troigh ón dug, ba léir do ghnáthdaoine na cathrach, agus iad ag breathnú ina gcéadtha uirthi, go raibh an long mór ag titim le taobh amháin go tubaisteach. Samhlaigh an meandar beag seo sa stair, beagnach ceithre céad bliain uainn anois; na sluaite ar an gcuan, na tógáilithe agus na máirnéalaigh ar bord, a gcumas labhartha imithe agus an radharc do-chreidthe seo ina súile. Tháinig faoiseamh sealdach ar an bpointe nuair a cheartaigh an Vasa í féin arís ach go gairid i ndiaidh sin thit sí le taobh in athuair agus an iarraidh seo steall toirt mhór uisce isteach trí dhoirse na ngunnaí agus síos go tóin poill léi. Bádh thart ar caoga daoine ina teannta. Bhí crann an bháid le feiceáil os cionn bharr an uisce 'théis na tubaiste. Theip ar an iniúchadh a cuireadh ar bun ina diadh teacht ar chúis fréamhach. Bhí príomh-thógálaí an bháid marbh, lean gach duine a gcuid orduithe agus toil an Rí mar ba chóir agus ar ndóigh ní raibh aon duine sásta an locht a ghlacadh orthu fhéin. Ceaptar inniú, céadtha i ndiaidh na tubaiste, gur cuireadh an iomarca brú ar lucht deartha na loinge, go raibh eagla orthu aon mhoill a chur ar a seoladh an lá sin cé go raibh amhrais mhóra acu mar gheall ar a cumas snámha. Tá daoine eile den tuairim go raibh an iomarca airm agus gunnaí móra ar bord agus nach raibh an frith-mheáchan sách mór nó eagraithe i gceart chun í a choimead slán. Níltear cinnte go fóill áfach céard go díreach ba chúis le tubaist obann an Vasa an lá sin.

Cé gur sábháileadh roinnt airm ón long bhocht theip ar ghach iarracht í a tharraingt go barr uisce arís. Ghlac na saineolaithe agus na húdaráis nach raibh an teicneolaíocht chuí acu chun soitheach chomh mór agus chomh trom sin a shábháil. Ní ndearnadh dearmad uirthi go hiomlán ach thar tréimhse ama d'imigh an bád mór agus an áit bhaileach ina raibh sí suite ó chuimhne na Sualainneach. Ach trí chéad fiche hocht bliana níos deireannaí, i 1956, d'éirigh le seandálaí Sualainneach, Anders Franzén, an tseanlong agus a scéal a chur ar ais i mbéal na ndaoine nuair a tháining sé uirthi thart ar céad troigh faoin uisce píosa beag amach ón áit as a seoladh í glúinte roimhe sin. Shocraigh rialtas na Sualainne iarracht úr a dhéanamh an long chogaidh a árdú go gairid i ndiaidh sin agus ar an ochtú lá d'Aibreáin 1961, os comhair sluaite móra áitiúla agus ó thíortha ar fud an domhain, chonacthas sean-adhmad an Vasa ag brisreadh trí uachtar an uisce; bhí solas na gréine uirthi arís! Óir nach bhfuil uisce an chalafoirt i Stochólm leath-chuid chomh salannach le gnáth uisce sáile níl an oiread céanna de longphéisteanna ann, fíríc a chuidigh go mór leis an neart a bhí fos i gcabhail na lonige. Dá bhrí sin bhí sí in ann snámh ar a cabhail féin go dtí an dug tirim.

Thosaigh an obair seandálaithe i gceart nuair a bhí an tseanlong uasal ar ais ar an bhfód. Obair mhall fhoideach a bhí i gceist. B'éigean don chorp uilig a thriomú agus a ghlanadh ó bhun go barr gan aon iarsmaí luachmhara a chailleadh ná díobháil breise a dhéanamh. Mion-phíosa adhmaid anseo gur chóir 'bheith ansiúd, tairní dearg-mhillte agus láib i ngach aon áit. Ach ainneoin an dhúshláin mhóir, cé a chreidfeadh, nuair a críochnaíodh an obair níor ghá ach cúig faoin gcéad d'ábhar nua a chur in áit an méid a cailleadh(téada, crainn agus ábhar iarainn ar nós tairní den chuid is mó). D'fhan an bád ath-chóirithe bródúil ar taispeáint go poiblí ó tús na seascaidí go dtí an bhliain 1988 nuair a bronnadh áit chónaithe ghlórmhar nua di, an Vasamuseet, nó Iarsmalann an Vasa, áit a bhfuil lóistín fós aici. Is minic ar mo laethanta saoire a éirím bréan le l'audioguide agus mé ag siúl timpeall iarsmalanna na gcathracha mór-le-rá san Eoraip ach is eisceacht ceart í an Vasamuseet. Tá sí thar barr ar fad mar iarsmalann. Chomh maith leis an mbád iontach mór sa lár tá mion-scannán faisnéise ar siúl a thugann beocht eile don scéal, turais fíor-shuimiúla agus macsamhlacha de na máirnéalaigh a bádh lá na tubaiste, bunaithe ar ábhar a mblaoscanna féin. D'fhéadfá breathnú isteach i súile na bhfear, taibhsí na staire, a d'íoc go daor sa seachtú aois déag as a bheith ar bord long lochtach de chuid Gustavas Adolphus II.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-79360476295550134372009-06-18T16:03:00.000-07:002009-06-21T06:30:47.111-07:00Maigh Eo ArísImreoidh Ros Comáin in aghaidh chondae Mhaigh Eo ag an deireadh seachtaine i gcluiche leath-cheannais chroabh-chomórtas Chonnnachta na bliana seo, dhá mhíle is a naoi. Is maith is cuimhin liom nuair a chasamar le Maigh Eo ag deireadh na seachtoidí agus go háraithe 1980 nuair a bhí mé i mo ghasúr i gCaisleán an Bharraigh agus ríméad orm ag breathnú ar laochra an ré sin Dermot Earley, John Jigger O'Connor agus Harry Keegan. Bhí bua mór againn an lá sin agus bhí mé cinnte gurbh muide an fhoireann ab fhearr in Éirinn, gan tráchtadh ar Chúige Chonnacht. Is cuimhin liom freisin áfach blianta dorcha na n-ochtaidí, seachas '86 amháin, inar bualadh go dona muid beagnach gach aon bhliain. Cuireadh ina luí orm sa deichniúr sin gur neamhghnáth ar fad an fhoireann a bhí a'ainne an ghlúin roimhe sin agus go mbeadh ár sean-naimhde in ann an masla "domestiques" a thabhairt orainn arís ar feadh píosa eile. Bhí an méid sin goilliúnach domsa ag an am agus tá fós. Ach cé nach mbíonn éirí amach againne anois ach chuile deich mbliana nó mar sin, agus muid bánaithe agus náraithe don chuid eile den am, seasaimid an fód i gcónaí mar cosúil le Eric Cantona sa scannán nua-sheolta le Ken Loach, "Is muide na Rossies".

'Bhfuil aon radharc níos binne in Éirinn na an eangach á corraí ag imreoir le geansaí buí ar a dhroim? Cloisim díon an seastáin ag crith le gáir na nDílse. Jigger i 1980, Tom Óg Ó Brien i dTuaim i 1985, Tony Mac i 1986 agus sa nóiméad deireannach sa mbaile trí bliana níos déanaí.. ní dhéanfaimid dearmad go deo ar Gerry Lohan i 2001, ar ndóigh. Bhí brionglóid agam tráth den nóiméad deireannach de chraobh na hÉireann "sa todhchaí" agus Nigel Dineen ar tí chic píonóis a scaoileadh agus "Song 2" le Blur á sheinnt go neamhbhalbh thartimpeall Pháirc an Chrócaigh. B'é nuair a bhris an t-urchar tríd an eangach a shroich Damon Albarn buaic an amhráin.. "Whoo Hoo!".

Ba mhinic a phléigh mé le cairde liom cad a dhéanfadh muid dá dtárlódh sé. Is deacair a rá ach bhí blas den aireachtáil sin againn trí bliana ó shin nuair a bhuaigh fir óga an chondae craobh mionúir na hÉireann 'théis athimirt i gcoinne an chondae is clúite díobh uilig, Cíarraí. Bhí mé i mo sheasamh le m'athair sa seastán agus an fheadóg dheirí séidthe agus an bheirt againne ag breathnú ar a chéile gan focal eadrainn ar feadh meandair. Bhí an cluiche buaite againn agus an Ríocht faoi chois againn faoi dheireadh nuair a labhair m'athair: "táim ag crith go dona" a deir sé. D'fhéach mé ar mo lámha féin agus m'anam nach raibh siad ag crith dhá oiread níos measa ná é.

Feicimid sechtar nó ochtar de na mionúir chéanna an Satharn seo chugainn. Cad as a tháinig siad? Ní rabhamar ag súil leo in aon chor nuair a tháinig siad, ach tarlaíonn sé mar sin is dócha.

Aontaím le trachtairí le déanaí atá ag cáineadh caighdeán na gcluichí craoibhe ag tús an tsamhraidh. Níl cuid acu i mbliana chuige seo thar mholadh beirte agus ní chuidíonn "an chúldoras" le sin. Ní chuirfinn an cluiche a d'imríomar i bPáirc Sheáin Mhic Diarmada trí seachtaine ó shin i gcomparáid leis na cathanna a bhí eadrainn ag tús na naochadaí cuir i gcás, cé nárbh droch-chluice a bhí ann i mbliana. Ach is cluiche mór atá ann i gcónaí nuair a chasann Ros Comáin le Maigh Eo, bíodh sé sa chomórtas FBD i mí Eanair ná i lár mhí an Mheitheamh nuair a fheictear Wille Joe ar shráideanna Chaisleán an Bharraigh ag bailiú gloiní folamha agus a ghéaga nochtaithe don ghriain. Rachaimd ann arís eile inár mílte agus beidh ár nglórtha níos laige ar an mbealach abhaile aineoinn an toraidh. Na Rossies Abú! Whoo Hoo!
An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-59132997271872826322009-05-20T13:55:00.000-07:002009-05-29T02:14:57.793-07:00Baiste Modhach - Cé a Chreidfeadh?D'fhiafraigh cara díom an tseachtain seo caite an mbeinn sásta 'bheith im' athair baiste  dá iníon, ceist a chuir iontas agus áthas orm. Onóir mhór atá i gceist bheifeá ag smaoineamh agus freagracht mhór sa chreideamh Caitliceach ach níl an creideamh coitianta seo ag mo chara. Nigéireach atá ann, agus Modhach. Dá bhrí sin, agus don chéad uair ariamh, sheas mé taobh istigh de séipéal de chuid creidimh eile agus ar feadh dhá uaire shuimiúla bhlais mé de mhíreanna dá gcultúr.

Chaith an tréadaí culaith liath neamh-fhaisenata lá an bhaiste, ach d'fheil sí le cuma neamh-ghlórach an tséipéil. Bhí coinne againn leis, mise agus Bean Na Guí Aniar, agus tuismitheoirí an chailín bhig a bhí le baisteadh, ceathrú uaire roimh an searmanas, sa chaoi go mbeadh ár ndualgais cleachtaithe agus ar bharr na teanga againn. Fear meánaosta a bhí ann agus duine deas lách 'an fhírinne a rá. Shocraigh mé nach raibh tada cearr leis nuair a chuir sé a bhean in aithne dúinn agus ise déarfainn fiche bliain níos óige ná é. Roimh dheireadh na maidine bheadh seisiún Scoil Dhómhnaigh aici le páistí phobal Dé, agus muide, mar dhaoine fásta, ag plé véarsaí ó Ghníomhartha na nAspal go breá oscailte.

Cé hiad na trí fírinní a léigh Raphael sna véarsaí sin(go raibh maith agat a Raphael)? Nach cuimhin libh iad? An ceart agat! Agus an dara ceann...? Nach raibh sibh ag éisteacht(miongháire uaidh)?

Tá sean-aithne agam ar fhoirm an Aifrinn agus d'fhéadfainn buille fé thuairim a thabhairt ar a mheánfhaid i séipéal úr 'théis glór an tsagairt a chluinstean i dtosach agus a iompar ar an áltóir a fheiceáil. Ní mar an gcéanna a bhí sé i séipéal na Modhach. Thosaigh an searmanas nuair a sheas beirt bhan mhóra amach as an slua agus lean orthu ag canadh salm, ocht gcinn díobh, ag luascadh leo i dteannta leis an tréadaí agus muidne uilig inár seasamh ar feadh fiche nóiméad ar a laghad. "Maidin fhada 'tá i ndán dúinn" a déarfá dá mbeifeá in ann mo ghnúis a léamh, ach ar chaoi éigin thaithin a gcuid amhrán liom nó an chaoi a bhain siad sult as iad a chasadh. Bhí mé breá réchúiseach faoin am a ghlac mé an leabhairín agus léigh amach sliocht réamh-chleachtaithe ar an áltóir ach i ndáiríre níorbh áltóir í in aon chor ach seastán simplí. Bhí chuile rud simplí san áit seo agus b'shin mar a thaithin sé leo, cheapfainn.

Chuir fear na culaithe léithe an-bhéim ar an mBíobla i rith an tsearmanais. An lá seo bhí cuairt Pheadair ar Chornelius á phlé aige agus againn.

Níorbh rud coitianta 'bhfuil 'fhios agaibh, na laetha sin, do Ghiúdach mar Naomh Peadar, cuairt a thabhairt ar leithéidí Cornelius, nárbh Ghiúdach é... ach bhí grá ag Cornelius do Dhia, a Thiarna, agus chrom sé síos roimh Pheadar nuair a chonaic sé é..

Is cuimhin liom Scoil Dhómhnaigh á lua ar Little House On The Prairie nuair a bhíos á leanacht cúig bhliana fhichead ó shin. N'fheadair an raibh an neamh-shuim chéanna ag na páistí óga inti agus a bhí ag Albert Ingalls agus a chairde fadó? Dá mbeadh sé sa scoil s'againne bheadh cupán tae ann dó ag deireadh an ranga. Nach deas an rud é, cupán tae a ól sa séipéal? Táim a rá leat go raibh sé tuilte againn.

Chuala mé tráchtadh faoin "dream eile" nuair a bhíos ag fás aníos agus bhíos go minic ag smaoineamh ar leagan amach "an tSeirbhís" mar a thugtaí uirthi, iompar an tsagairt, bolladh an tséipéal agus araile. An gcreidfeá nár leag mé cos laistigh de séipéal dá gcuid ó shin go dtí seo? Bhí roinnt de mo cheisteanna freagraithe faoi dheireadh.

Ag siúl amach an doras againn, bhí an clann uilig ar bís, iad fíor-shásta le himeachtaí na maidine. Bhí an cailín óg ag breathnú thartimpeall uirthi go nósmhar agus a deartháir óg sona sásta léi agus leis féin. Seans maith go raibh sé ag smaoineamh ar an gCaisleán Preabach sa chúl-gháirdín. Bhí mise ag smaoineamh ar Chornelius, na trí fírinní agus an gculaith liath ag luascadh leis an gceol.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com6tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-17490173347747139362009-05-05T15:06:00.000-07:002009-05-13T15:00:24.138-07:00Gan Phian, Gan Dul-Chun-CinnGoidé a bheadh mealltach faoi ionad traenála le bolladh gránna, é dorcha go leor, tais, neamh-ordaithe agus gan tada as na ceathanna go minic ach uisce fuar? Sa mhullach ar sin ba mhinic a bheadh stáisiún raidió dochreidthe dona ar siúl ann in ard a ghlór. An rachfá ann lá breá samhraidh nó trí nó ceithre uaire sa tseachtain ar feadh uair go leith? 'Séard atá á chur síos agam, agus ní hé an gnáth-rogha dóibh siúd uilig a mbíonn fonn orthu a gcuid aclaíochta a fheabhsú, an áit is ansa do dhaoine(fir den chuid is mó ach feictear mná ann go minic freisin) a bhfuil suim ar leith acu i bhfochúltúr sách aisteach, b'fhéidir, a tháining borradh ceart air sna seachtóidí 'théis teacht amach an scannáin "Pumping Iron" agus a mhaireann go dtí an ré nua-aimsire chomh maith. Tá roinnt freagraí ag laoch an scéil fhaisnéise céanna, Arnold Schwarzenegger, ar chuid dena ceisteanna thuas.

Sna hagallaimh le hArnie sa scannán, is léir go bhfuil dúil neamhghnáth aige ina spórt, mar atá, matáin an choirp a neartú go hard-chaighdeán, i gcomhréir le céile, agus an comórtas domhanda "Mr Universe" a bhuachaint. D'éirigh leis an gradam sin a thabhairt leis seacht n-uaire as a chéile sna seachtoidí. Éiríonn leis a chuid éachtaí agus iarrachtaí chun an caighdeán seo a shroichint a chur ar chomh-chéim leis na hullmhúcháin agus íobairtaí a bheadh riachtanach i spórtanna níos coitiantaí in aigne an lucht féachanna. Ina theannta sin tugann sé léargas ar na dea-thorthaí sealdach agus fad-théarmach atá le fáil ó 'bheith 'ag obair' ar an gcorp. I gcaitheamh seisiúin chrua agus ina dhiaidh freisin araíonn na matáin níos daingne agus ní ba láidre, rud a chuireann fonn ar dhuine dul-chun-cinn níos mó a dhéanamh an chéad lá eile, aineoinn na péine, agus an dea-aireachtáil a mhéadú. Cuireann Arnie é i gcomparáid le buaic ghnéasach, ach ní rachainn féin chomh fada leis an méid sin.

Nuair a bhí sé(mé) ina stócach óg rinne An Ghuí Aniar corr-iarracht peil a imirt ar pháirceanna éagsúla i gcondae Ros Comáin. Is cuimhin liom an lá a léim mé suas go dóchasach, mí-aclaíoch ag iarraidh greim a fháil ar an liathróid agus thit go trom chun tallún gan í nó tada agam sa deireadh ach glúin mhillte. B'éigean dom dul faoin scian i dtús báire agus i ndiaidh sin chuile mhatán timpeall na glúine a neartú thar tréimhse ama. B'shin an chéad uair a bhlais mé den chultúr a théann i bhfeidhm chomh tréan ar an-chuid fear óg na laetha seo.

Bhí an t-ádh orm i ndáiríre gur roghnaigh mé an áit cheart. Am in aisce amach is amach a bheadh sé 'dhul isteach sna háiteanna glana, snasta, le maisíní meáchan gleoite glan, 'ach aon duine ann, idir fhir is mhná, gléasta go néata le lipéadaí mór le rá le feiceáil. Neart Nikeys ach beagán Pikeys. Duine anseo is ansiúd ag cur allais agus an chuid eile acu á thógáil go bog. San áit cheart, áfach, chomh maith le droch-cheol agus go leor tatúnna, chloisfeá iad ag béiceáil leis an bpian, meáchain throma ag preabadh ón urlár agus bolladh bréan allais. "Gold's Gym" i mbaile Venice, California a roghnaigh Schwarzenegger an tráth úd agus b'ann a chur sé a chuid allais agus a d'fhulaing sé an phian a thaithin chomh mór leis. Más rath atá uait, seachain an áit ghlan agus cuardaigh an áit allasach.

Ach ní ndearna Arnie aon tagairt do phróitéin bhreise nó Dark Matter nó Muscle Fuel. Tá an stuif seo á shlogadh siar sna seomraí feistis sna háiteanna céanna. Ar m'anam nach bhfuil 'fhios agam an bhfuil sé ciallmhar na táirgí seo a úsáid ach geallaimse go bhfuil fáil gan stró ar a leithéid ar an idirlíon, i siopaí sláinte agus eile. Ní hionann iad seo afách agus na hanabolic steroids, a bhfuil fáil gan stró orthu ar an iliomad suíomhanna idirlín freisin. Ba chóir d'aon fhear atá ar intinn aige na leads seo a ghlacadh an focal gynecomastia a thuiscint, mar atá, fás cíoch ar chorp fir, a eascraíonn ó mhí-úsáid na ndrugaí seo. Tá an oiread sin hormóin fhireann iontu, go ngineann an corp hormóin bhaineann chun an corás a chur i gceart arís agus, ar ndóigh, nuair atá hormóin bhaineann ann, is minic a bhíonn cíocha ann. Ní dóigh liom go bhfágfainn an teach ar maidin dá dtárlódh a leithéid.

Tá ómós agam ar na hiarrachtaí a chuireann daoine áirithe isteach sa spórt seo agus tuigim go bhfuil féin-smacht dochreidthe de dhíth chun ard-chaighdeán a bhaint amach; creidim freisin go bhfuil tairbhe mór le baint as, go mór mhór dúinne a chaitheann an lá fada isteach in oifig nó suite sa charr. Ach bhí an ceart ag Will Ferral, sa scannán Anchor Man, magadh faoi ghnéithe áirithe den chultúr. Tá sé feicthe againn go léir, fear ollmhór láidir lena ghéaga ag briseadh trína léine, atá d'aonghnó ró-bheag dó, agus a ucht brúite amach roimhe mar rabhadh do chách. Cosúil le Ferral, b'éasca é a shamhlú ag pógadh a chuid "gunnaí" sa scáthán sul ar tháinig sé amach. Tá Anchor Man nó dhó i ngach aon áit ina ardaítear meáchain agus ní bheadh sé mar an gcéanna murach iad.

Don té atá ciallmhar agus oillte i gceart tá sult agus sásamh as 'bheith ag pumpáil iarainn. Ní gá dul thar fóir leis an bhfearúlacht, más fear thú, agus nuair a cheapann tú go bhfuil éacht nua ardaithe sroichthe agat cuimhin go bhfuil cailín amuigh ansin, i halla allasach éigin, í ag tosnú a seisiún féin, agus ag téamh suas ar an meáchan céanna.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-7252661364425201602009-04-27T13:50:00.000-07:002009-05-13T15:02:55.928-07:00Mise, Keano, Ar Ais
Cosúil le dúchas an chait briseann sé trína shúile. Ach céard é go baileach? Údarás? Ceannasaíocht? Fearg? Mí-shuaimhneas? Súile Keano a ba chúis le dea-thorthaí fhoireann Sunderland trí bliana ó shin, dar le Dwight Yorke, agus iad ag gluaiseacht an tráth sin go barr tábla an Championship. B'fhusa do leithéidí Yorke, is cosúil, a thóin a bhogadh níos tapúla i dtreo na liathróide, chun an bainisteoir a choimead ar a shuaimhneas, ná 'bheith á thógáil go bog é amuigh ar an bpáirc, agus na súile céanna á díriú air. 'Théis do Roy a lán airgid a chaitheamh sa Phremiership bliain níos deireannaí agus tada ach droch-thorthaí as, bhí tuairimí de shórt difriúil á scaradh ag imreoirí an chumainn sna páipéirí. Nuair a thagadh Keane go dtí an pháirc traenála, dar le cuid díobh, d'fhéadfadh fearg dorcha a bheith air nó a mhalairt; bhraitheadh sé ar 'an aimsir'. Ba dheacair freisin, más foinsí dílse atá i gceist, gnáth-chaidhreamh a chothú nó a choinneáil leis mar dhuine. Taobh thiar dena súile, sa chloigeann éirimiúil chrua sin, bhí cathanna á throid, b'fhéidir, agus níor fheil an meascán casta seo de phearsantacht don bhainistíocht. B'shin tuairim choitianta ar aon chaoi nuair a shiúil sé an geata amach cúig mhí ó shin. An bhfeicfí an 'v-neck' liath arís á cheistiú ar MOTD? Ní dhéarfainn go raibh éinne cinnte faoi sin nuair a éirigh sé as, ach bhí cuid againn ag súil go bhfillfeadh sé lá éigin, mar ainneoin lucht a cháinte sa tír seo is linne Keano, buíochas le Dia, agus ba chóir dúinn 'bheith bródúil as.

Anois, a chairde, an cheist nach bhfuil freagra uirthi fós, an dtiocfaidh sé isteach de réir a chéile ar ealaíon aisteach an bhainisteroa? Níl sé gan lochtanna, cinnte, agus tá an-chuid fós le foghlaim aige, ach canathaobh nárbh ábhar bainisteora níos fearr atá ann ná Gareth Southgate nó Tony Adams, cuir i gcás? Airím go bhfuil níos mó dena tréithe cuí sa Chorcaíoch ná san mbeirt sin. Na botúin a rinne sé i Sunderland: geallúint go shíneodh sé ainmneacha mór le rá, imreoirí míchearta a thabhairt isteach sa deireadh thiar, an iomarca imreoirí a shíneadh agus cuid mhór acu a ligean chun bóthair go gairid i ndiaidh sin. Seachas Kenwyne Jones ní fhéadfaí a rá gur éirigh le mórán acu. Ach, b'fhéidir nárbh é ach go raibh sé ag iarraidh an caighdeán a árdú ró-ghasta agus nach raibh chuile dhuine thartimpeall air chomh dáiríre faoina thionscnamh. Ní cosúil go ndéanfaidh sé na botúin céanna an iarraidh seo, ag club sacair bhródúil lonnaithe in oir-dheisceart Shasana.

Mar a thaispeáin sé arís i gcaitheamh na seachtaine seo caite nuair a ceapadh ina bhainisteoir ar Ipswich é, tá Roy an-chompórdach os comhair na gcaimearaí. Dúirt sé go raibh sos tuilte ag a mhadraí agus go raibh sé reidh le tabhairt faoin dúshlán nua. D'ísligh an teocht beagán áfach nuair a luaigh sé feisin go mbeadh caidhreamh gearr idir é agus aon imreoir nach raibh ar chomh-aigne leis maidir le todhchaí an chumainn. Tháinig Bobby Robson i gcuimhne dom agus mé ag éisteacht leis an agllamh sin. Bhí S'Bobby ina bhainisteoir ag an gclub céanna tríocha bliain ó shin, agus Arnold Muhren, John Wark(ná dearmad an scannán "Escape to Victory") agus Paul Mariner sa bhfoireann aige i ré eile ar fad. Bhuaigh Ipswich an Corn UEFA sa bhliain 1981 faoina bhainistíocht. Fear difriúil ar fad é Bobby agus bainisteoir den chéad scoth mar a thaispeáin sé arís is arís eile ó shin i leith. Deirtear go bhfuil cathaoirleach saibhair i gceannas anois agus é dóchasach go bhfuil laethanta móra ar na bacáin d'Ipswich arís. Tá súil agam nach ndéanfaidh Roy dearmad an fón póca a fhreagairt nuair 'sé an fear seo atá á ghlaoch.

Fáilte ar ais a Kheano, a shean-chomrádaí, agus go n-éirí leat sa phost úr. Coinnigh do shúile oscailte agus bíodh foighne a't. Bheadh sé i bhfad níos leadránaí murach thú.An Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-1983021474393435811.post-17255865664987700122009-03-05T14:43:00.000-08:002009-05-28T01:09:10.606-07:00An nDéanfá A Leithéid?
Jimmy is ainm dó. Nílim cinnte ach ceapaim go bhfuil sé thart ar trí bliana d'aois agus tá sé sa teach céanna liom ó bhí sé ina phiscín. Ní raibh mé sásta nuair a cuireadh ar an eolas i dtosach mé go mbeadh lóisteoir fad-théarmach ag roinnt an spáis liom sa mbaile. Cheapas ag an am nach mbeadh uaidh ach cat-ghruaig silte, corr-mheamhlach agus dramhaíl. Agus d'fhan mé amhrasach faoin scéal ar feadh cúpla mí ar a laghad, go dtí gur thit aimsir gharbh an gheimhridh orainn an bhliain sin.

Chuir Jimmy faoi sa teach s'againne i lár an tsamhraidh agus cosc air fanacht istigh thar oíche. Chaitheadh sé an chuid is mó dá chuid ama na laethanta sin ar chúl an tí..

Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír
Ag drannadh le gach éinne
Is cat ag crú na gréine

Ní dhearna mise é ná baol air agus ní aontaím lena leithéid ach oiread ach sula chas me le Jimmy thug sé cuairt lá éigin ar an tréadlia agus nuair a bhí an búistéar sin críochnaithe leis an gcaitín beag bhí deireadh lena 'kahunas' aige. Ní fhéachfadh sé go drúisiúil go deo ar ghirseach dá chine.

An caidreamh sin a scoilt
Ní dhéanfainn a leithéid

Rud eile a thug mé faoi deara 'théis tréimhse eile ama, nach raibh aon mheamhlach uaidh ar chor ar bith. N'fheadair cad a tharla dó in aon chor ach nuair a osclaíodh sé a bhéal ní thagadh tada as. Tinneas a bhuail é agus é ina phiscín suarach b'fhéidir; dílleachta bocht fánach amuigh faoin spéir le bolg folamh gan chairde gan dídean ná dóchas. Go dtí gur thug an seanfhear, Jimmy eile(daonna), faoi deara é. Níor chas mé le Jimmy Daonna ariamh ach táim ag ceapadh gur aithnigh Jimmy Mac An Chait gur nóiméad cinniúnach a bhí ann dó nuair a bhuail an bheirt le céile. Chuidigh a easpa cúthaileachta dó an tráth sin mar phioc mo dhuine suas ina bhaclainn é agus chaith sé an oíche sin sa Phound, áit a chonaic bean do thuairisceoir é seachtain i ndiaidh sin.

Shil sé a chuid gruaige i ngach áit, d'oscail sé a bhéal gan ghlór, agus d'eirigh sé ramhar ón oiread Go-Kat a d'ith sé. Ó nárbh fhéidir le bean an tí tada a dhéanamh ach an gasúr a mhilleadh b'éigean dom an creatúr a chaitheamh amach gach oíche. Mura gcaitheadh, ar ndóigh, bheadh an chistin millte aige le rian a chrúb agus a chuid gruaige. Ní bhíodh drogall orm de ghnáth cic sa tóin a thabhairt dó amach ach nuair a d'eiríodh an aimsir go dona gaofar agus fliuch thagadh línte an dáin úd le Seán Ó Ríordáin mar rabhadh tréan 'am..

Cat a fhágáil amuigh
(fíor-dhroch oíche mar seo)?
(An ndéanfá a leithéid?)
Ní dhéanfainn a leithéid!

Is iomaí uair a bhí sé caite amach agam, mé leath-bhealach thuas an staighre nuair a cheistíodh fear cumtha an dáin in athuair mé agus leádh sé mo thoil. Thiontaínn siar bealach na cistine agus bhíodh sé fós in aice an chúldorais ag breathnú isteach ón ndorchadas go dóchasach. Na hoícheanta sin bhíodh oíche compórdach ag an triúr againn, an cat, mise agus Ó Ríordáin.

Nuair a bhím san oifig céard a bhíonn ar siúl aige? An lá fada le caitheamh agus, anois, é gan stró gan imní ar chúl an tí.

Lucht ceithre chos ag siúl na slí
Gan bhróga orthu ná léine
Gan Bhéarla acu ná GhaeilgeAn Ghuí Aniarhttp://www.blogger.com/profile/04812882114616471696noreply@blogger.com0