Wednesday, December 30, 2009

Slán Leat Mar Sin a Jimmy, Wunderkatze der Welt

Rinne mé tagairt sa cholún seo cheana do chat uasal dárbh ainm Jimmy, a nósanna agus a cháil ó chuir sé faoi linne trí bliana go leith ó shin. Ós rud é nach bhfuil sé fós inár dteannta, níor chóir ná cheart níos mó ama a ligean le sruth gan cúpla smaoineamh a scríobh faoi Wunderkatze der Welt , mar a thug a mháthair altrama air go minic.

Níor chuir Jimmy aon spéis ariamh sa teilifís, seachas b'fhéidir clár faisnéise ar Chlann Ríoga na Breataine nó Big Cat Diary corr-sheachtain, dá mbeadh a dhóthain ama caite aige ina choladh an lá céanna. De ghnáth chasadh sé a cheann i dtreo eile nuair a thosaíodh leithéidí Strictly Come Dancing, Grey's AnatomyThe Panel. Ní raibh aon bhaol ann go gcuirfeadh Jimmy a chuid ama amú ag breathnú ar a leithéid. Nach gcreidfeá go bhfuil neart eile le déanamh ag cat cathrach an lae inniú? M'anam go mbíodh mo dhuine go bun na gcluas 'ach aon lá dá chaith sé linne. B'annamh nach raibh sé ina shuí roimh a sé ar maidin, é suite ar bharr an bhalla ag breathnú timpeall ar a chríocha. Roimh an bricfeásta chuireadh sé an ruaig gan aon stró ar bhithiúnaigh áitiúla dá chine a dhéanadh ionsuithe laethiúla ar a thalamh. Ní chuireadh an fhoréigean rialta seo isteach ná amach ar Jimmy; ghlac sé léi mar chuid de shaol an chait chathraigh agus ar aon chaoi bhíodh an chrúb in uachtar aige ar a naimhde suaracha i gcónaí. An chuid eile den lá, dá ligfí isteach é, chaitheadh sé ina luí(obair fíor-thábhachtach), ag féin-ghlanadh, ag súgradh nó ag éisteacht le RTÉ Lyric FM. The Hamilton Scores agus The Blue of The Night na cláracha ab ansa dó. Seachas corr-chuairt go dtí a ghaolta sa Ghaeltacht i mBaile Chláir sin mar a chaitheadh Jimmy a chuid ama, lá i ndiaidh lae agus é ag fás aníos ina stócach láidir le blianta fada amach roimhe, cheapfá.

Ach cúpla mí ó shin thug bean do thuairisceora faoi deara nach raibh an bhrí chéanna i Jimmy le tamall beag anuas. D'fhanadh sé amuigh sa gháirdín ina aonar ar feadh i bhfad i rith an lae, ní raibh an tsuim chéanna aige sa phlaidhcaíocht ná sa ghnáth-shúgradh laethiúil agus níos aistí fós bhí a fhionnadh ag éirí salach toisc nach raibh sé á ghlanadh. Chuir sé iontas orm lá eile nuair a tháinig sé an doras isteach go stadach agus é dearg-bhuailte agus scríobtha 'théis an cath a chailleadh taobh amuigh den chéad uair ariamh. Chomh maith le seo, bhí a ghoile in easnamh ar fad agus an t-úasfás uisce á ól aige. Níor thugas aon aird ar na comharthaí seo i dtosach ach bhí imní ní ba mhó ag bean an tí ina dtaobh agus rinne sí coinne leis an tréadlia nuair ba léir nach raibh feabhas ag tíocht ar an gcréatur bocht in imeacht na seachtainí. Drochscéala a bhí aige dúinne; ailse fola na gcat a bhí ag Jimmy, galar coitiana, insíodh dúinn, ar shráideanna agus lánaí bailte agus cathracha na tíre. Níos measa fós, galar do-leigheasta, marfach atá ann. Ní raibh aon chinneadh le déanamh anois againn ach socrú linn féin cathain ba chóir dúinn coinne eile a dhéanamh chun deireadh buan a chur lena fhulaingt.

Lá na cinniúna tháinig sé fliuch salach agus b'éigean dom poll beag tomhas cait a thocailt sa gháirdín. D'ardaigh Jimmy a cheann agus mé ar mo bhealach amach ag breathnú go fiosrach ar an tsluasaid. N'fhedair an raibh a fhios aige céard a bhí ar bun agam? Ba dheacair dúinne é a mhealladh isteach sa charr i ndiaidh sin ar aon chaoi. Dá bhfeicfeá an scannán Dead Man Walking ariamh, bheadh leid agat ar mhodh chineálta maraithe an tréadlia; dhá instealladh atá i gceist, an chéad cheann chun an t-othar a chur ina choladh agus an chéad cheann eile chun a chroí a stopadh. Chaithfeadh croí cloiche a bheith i do chliabh gan trua a aireachtáil d'aon chréatur ar an taobh géar den tsnáithid chéanna.

Bhí súile bhean an tí dearg le deora faoin am a chuireamar an caitín bocht sa bháisteach. Nach aisteach an chaoi a éiríonn muid mór le hainmhithe agus gan aon chaidreamh eadrainn? Sin mar a tharla eadrainn agus Jimmy, die fantastische Wunderkatze.